Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 5 March 2014
Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions
Tuarascáil an Choimisinéara Teanga 2012: Díospóireacht
4:35 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source
Tá 185 comhlucht atá ag feidhmiú faoi scéimeanna teanga agus is comhluchtaí iad atá ag plé go rialta, agus le laethúil beagnach, leis an phobal. Tá oifigeach feidhmiúcháin breise in Oifig an Choimisinéara le cúpla seachtain anuas. Maidir le mo Roinn féin, tá breis foirne ansin chomh maith atá ag plé anois le scéimeanna teanga. Sin an fáth gur faomhadh16 scéim i 2013 agus go bhfuil sé chinn eile faofa i mbliana, agus gan ach dhá mhí imithe. Tá fuadar níos mó faoi fheidhmiú scéimeanna teanga anois ná mar a bhí le tamall. Tá breis foirne ag an gCoimisinéir agus breis ag an Roinn fá choinne plé le scéimeanna teanga.
No comments