Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 5 March 2014
Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions
Tuarascáil an Choimisinéara Teanga 2012: Díospóireacht
4:25 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source
Maidir leis an Choimisinéir ag éirí as a phost tar éis deich mbliana agus dhá bhliain le dul, is cinneadh dá chuid féin a bhí ann. Ní raibh aon tionchar agamsa air sin. Tá sé de lán cheart aige é sin a dhéanamh agus thug mé buíochas dó go pearsanta agus go poiblí as an méid atá déanta aige. Maidir le dearcadh an Rialtais ar an nGaeilge, ní aontaím ar fad nach bhfuil an Rialtas an-fhábharach don Ghaeilge. Tá an comhchoiste Gaeilge ansin faoi chathaoirleach an Taoisigh. Tagaimid le chéile go rialta. Táimid ag tiomáint ar aghaidh le cur i bhfeidhm na straitéise. Tá ath-bhreathnú á dhéanamh ar an Acht Teanga agus tá achmhainní teoranta á gcur i bhfeidhm maidir leis an Ghaeilge agus leis an Ghaeltacht, €40 milliún i mbliana gan trácht ar na hachmhainní eile a chuirtear ar fáil. Ní aontaím nach bhfuil an Rialtas tiomanta don Ghaeilge nó nach dtugann sé aitheantas do thábhacht na Gaeilge i saol na tíre.
Thagair an Teachta dos na scéimeanna teanga. Tá 600 comhlucht ainmnithe ins an Sceideal maidir le scéimeanna teanga agus tá scéimeanna curtha ar fáil a chlúdaíonn 185 chomhlucht, beagnach an tríú chuid.
Na comhluchtaí a bhfuil scéimeanna á bhfeidhmiú acu is iad san na comhluchtai a mbíonn teagmháil rialta acu leis an phobal.
No comments