Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 5 March 2014

Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions

Tuarascáil an Choimisinéara Teanga 2012: Díospóireacht

4:25 pm

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail) | Oireachtas source

Agus ceist eile, nuair a bhí an Coimisinéir anseo bhí sé ag caint mar gheall ar an chónascadh idir Oifig an Choimisinéara Teanga agus Oifig an Ombudsman. Dúirt sé gur tharla sé sin i ngan fhios do Oifig an Choimisinéara nó do Oifig an Ombudsman. Sin an chéad cheist.

An dara ceist, nuair a rinne mé tagairt don máirseáil a bhí ann d'fhiafraigh an t-Aire Stáit cén fáth nach raibh daoine ag máirseáil deich mbliana nó 20 bliain ó shin. Bhí m'athair ina Rúnaí Parlaiminte, nó ina Aire Stáit, 40 bliain ó shin agus bhí máirseáil ar siúl. Ní rud nua é máirseáil. Cheap mé go gcuirfeadh an t-Aire Stáit fáilte roimh máirseálacha mar go léiríonn siad sprid na ndaoine. Bhí mé féin i mBaile Átha Cliath agus bhí mairseáil i nGaillimh freisin. Bhí Bláthnaid Ní Chofaigh ar an teilifís agus dúirt go raibh sí ag máirseáil mar gur cheap sí go raibh an Ghaeilge faoi ionsaí agus faoi bhrú, mar a dúirt an t-Aire Stáit é féin. Níl a fhios agam cén fáth go raibh díomá ar an Aire Stáit nó nach raibh sé sásta go raibh na máirseálacha ag tarlú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.