Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 5 March 2014

Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions

Tuarascáil an Choimisinéara Teanga 2012: Díospóireacht

4:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Go raibh míle maith agat a Chathaoirligh. Ar dtúis, ba mhaith liom mo bhuíochas a thabhairt do bhaill an chomhchoiste as bhur gcuireadh a thabhairt teacht ós bhur gcomhair inniu chun plé a dhéanamh ar nithe a d'eascair as bhur gcruinniú leis an iar-Choimisinéir Teanga ar 4 Nollaig 2013.

Tá áthas orm an deis a fháil díospóireacht a bheith againn faoi na nithe éagsúla a pléadh an lá sin ag eascairt ó thuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga don bhliain 2012. Sula ndírím isteach ar an phlé sonrach sin, ba mhaith liom cúpla rud a rá faoi pholasaí an Rialtais maidir leis an Ghaeilge agus faoina thiomantas ina leith.

Shílfeadh duine ón síorcháineadh atá le cloisteáil go forleathan le tamall anuas go bhfuil neamhaird ar fad á déanamh ag an Rialtas seo ar chur chun cinn na Gaeilge agus na Gaeltachta agus go bhfuil na polasaithe atá á gcur i bhfeidhm lochtach amach agus amach. Ní aontaím leis an dearcadh seo ar chor ar bith. Tá sé soiléir ó chlár an Rialtais féin, ó chur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain don Ghaeilge agus ón infheistíocht shubstaintiúil a chuirtear ar fáil ón Státchiste chun tacú leis an Ghaeilge agus leis an Ghaeltacht, go bhfuil an Rialtas thar a bheith dáiríre agus tiomanta chun torthaí fónta a bhaint amach a chinnteoidh go mairfidh an Ghaeilge mar theanga bheo sa Ghaeltacht agus go mbeidh áit lárnach fheiceálach aici i sochaí na tíre i gcoitinne.

Cinnte, aithníonn muid ar fad go bhfuil an Ghaeilge faoi bhrú, sa Ghaeltacht ach go háirithe, agus go bhfuil gá le réimse tacaíochtaí chun cuidiú leis an phobal í a chothú agus a chur chun cinn. Caithfear a aithint fosta nach inniu ná inné, ná le teacht i gcumhacht an Rialtais seo, a tháinig na dúshláin seo chun cinn.

Tá ról lárnach ag an Stát maidir le tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge ach táthar ag brath chomh maith ar dhea-thoil agus ar chur chuige gníomhach an phobail chun an

Ghaeilge a chothú, a neartú agus a sheachadadh ó ghlúin go glúin. Tugann an straitéis 20 bliain don Ghaeilge an creatlach polasaí do na páirtithe leasmhara éagsúla, idir an Stát agus an pobal, chun obair as lámha a chéile ar bhonn comhpháirtíochta chun na haidhmeanna fiúntacha atá sonraithe sa straitéis a bhaint amach ar bhonn céimnitheach. Sa chomhthéacs seo, ní miste dúinn cuimhneamh ar an ról ceannródaíoch is féidir le baill Thithe an Oireachtais féin a imirt ar bhonn traspháirtí chun comhoibriú, treoir agus dea-shampla a thabhairt maidir leis an cheist thábhachtach seo.

Ba mhaith liom anois díriú isteach ar ábhar an lae inniu. Ba ag cruinniú an chomhchoiste seo ar an 4 Nollaig a d'fhógair an t-iar-Choimisinéir Teanga a chinneadh gan a théarma ceapacháin iomlán go dtí 22 Feabhra 2016 a chríochnú. Tá mo bhuíochas curtha in iúl agam don Choimisinéir Teanga go pearsanta agus go poiblí as an méid atá curtha i gcrích aige le linn a thréimhse in oifig agus guím gach rath air féin agus ar a chúram sa todhchaí.

Tá na céimeanna cuí tógtha ag mo Roinn ó shin chun an Coimisinéir nua a cheapadh i gcomhréir le halt 20(3) d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a deir gurb é Uachtarán na hÉireann a dhéanann duine a cheapadh mar Choimisinéir Teanga ar chomhairle an Rialtais tar éis do Dháil Éireann agus do Sheanad Éireann rúin a rith ag moladh an duine a cheapadh. Os rud é go bhfuil na rúin sin rite anois, tuigtear dom go ndéanfaidh an t-Uachtarán an tUasal Rónán Ó Domhnaill a cheapadh mar an dara Coimisinéir Teanga go han-luath. Ba mhaith liom chomh maith gach rath a ghuí ar an Choimisinéir Teanga úr agus é ag tabhairt aghaidh ar a chuid cúraimí a chur i gcrích.

Measaim go bhfuil sé tábhachtach a aithint go bhfuil feabhas tagtha ar líon agus ar chaighdeán na seirbhísí i nGaeilge a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil ón uair gur tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm. Aithníodh ón tús gur próiseas forchéimnitheach a bheadh i gceist le forfheidhmiú an Achta agus tá an dul chun cinn atá déanta maidir le forálacha éagsúla den Acht le sonrú ón bhliain 2003 i leith. Tá úsáid agus feiceálacht na Gaeilge méadaithe mar gheall ar fhorálacha san Acht féin agus i rialacháin faoin Acht. Is gné an-tábhachtach den Acht iad na scéimeanna teanga a thugann creatlach do chomhlachtaí poiblí a gcuid tosaíochtaí a aithint agus a eagrú chun an réimse seirbhísí i nGaeilge a chuirtear ar fáil don phobal a mhéadú ar bhealach forchéimnitheach thar thréimhse ama.

Ón uair ar tháinig an tAcht i bhfeidhm sa bhliain 2003 tá 155 scéim teanga daingnithe. San áireamh san fhigiúr seo, tá 113 chéad scéim, 38 dara scéim agus ceithre

Deántar go leor tagairtí i dtuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga don bhliain 2012 do scéimeanna teanga a bheith "imithe in éag" agus phléigh an comhchoiste é seo ag a chruinniú ar an 4 Nollaig 2013. Feictear dom go bhfuil sé tábhachtach an cheist seo a shoiléiriú. Ón chomhairle dlí atá faighte ag mo Roinnse, is léir, faoi réir alt 14(3) den Acht, go bhfanann scéim teanga i bhfeidhm ar feadh trí bliana ón dáta a ndaingnítear í, nó go dtí go ndaingnítear scéim nua ina háit, cibé acu is déanaí.

In ainneoin an cháinte atá déanta orthu, creidimse go bhfuil dul chun cinn fiúntach déanta de bharr na scéimeanna teanga. Tá tuiscint níos fearr ag comhlachtaí poiblí ar a ndualgais maidir le seirbhísí a chur ar fáil chun freastal ar dhaoine ar mian leo a ngnóthaí a dhéanamh leis an Stát trí mheán na Gaeilge agus tá a lán bearta curtha i bhfeidhm ag an iliomad comhlacht poiblí chun na críche sin le deich mbliana anuas. Tá dea-thoil agus dea-chomhoibriú na gcomhlachtaí poiblí le haithint go soiléir san idirphlé atá ag mo Roinn leo chun scéimeanna teanga a aontú leo. Tá sé tábhachtach an méid sin a aithint.

É sin ráite, aithnítear nach bhfuil córas na scéimeanna teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla gan laigí, agus gur próiseas casta agus dúshlánach atá ann scéimeanna a aontú agus a dhaingniú. Ní mór na cúidsí dúshlánacha eacnamaíocha atá i bhfeidhm le roinnt blianta anuas a thógáil san áireamh, chomh maith leis na brúnna a d'eascair astu sin i gcomhthéacs acmhainní, go háirithe acmhainní daonna.

Tá céimeanna dearfacha sa treis faoi láthair chun éifeachtacht chóras na scéimeanna teanga a fheabhsú. I measc na gcéimeanna seo, áirítear na bearta seo ach go háirithe: tá acmhainní breise foirne curtha ar fáil i mo Roinnse chun plé go sonrach le scéimeanna teanga a aontú le comhlachtaí poiblí; beidh teimpléad nua le húsáid chun scéimeanna a chaighdeánú, rud a rachaidh chun sochair do na comhlachtaí poiblí agus don phobal araon; agus tá leasuithe reachtúla ábhartha á moladh maidir le córas na scéimeanna

Tá mise dóchasach go gcuideoidh na bearta seo go mór le líon na scéimeanna teanga a mhéadú agus go leanfar ag cur feabhais ar sheirbhísí i nGaeilge ar bhealach pleanáilte tomhaiste i gcomhréir le héilimh ón phobal agus i gcomhréir le hacmhainní na gcomhlachtaí poiblí freastal ar an éileamh sin.

Chomh maith le himní a léiriú faoin mhoill a bhaineann !e scéimeanna teanga a dhaingniú, rinneadh tagairt sa phlé a rinneadh ag an chomhchoiste seo do chaighdeán na scéimeanna atáthar á ndaingniú agus d'easpa muiníne a bheith ann sa chóras i gcoitinne. Agus oifigigh mo Roinnse i mbun comhráite le comhlachtaí poiblí chun scéimeanna teanga a aontú leo, is í taithí mo Roinnse go bhfuil dáiríreacht agus dea-thoil an-láidir ann chun gealltanais a thabhairt sna scéimeanna atá réalaíoch, praiticiúil agus inseachadta i gcomhréir leis na hacmhainní atá ar fáil.

Tá cur síos déanta i dtuarascáil bhliantúil 2012 de chuid an Choimisinéara Teanga ar leasú a cheadaigh mé ar scéim teanga na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais. Luadh gurbh fhasach contúirteach é seo inar cealaíodh an dualgas an chuid "Fit for Viewing" de lipéad fiseán agus dioscaí digiteacha a bheith i bhformáid dhátheangach. Rinne mé an cinneadh seo i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dom faoi alt 16 den Acht. Bhí mo chinneadh bunaithe ar an chás a cuireadh faoi mo bhráid maidir le hathrú imthosca sa tslí ina gcuirtear feidhmeanna Oifig Aicmithe Scannán na hÉireann i gcrích agus tá mé lánsásta go raibh sé cuí an scéim teanga seo a leasú. Feictear domsa gur cur chuige stuama a bhí anseo chun deacracht a bhí aitheanta a réiteach ar bhealach praiticiúil.

Is aidhm lárnach pholasaí de chuid an Rialtais é úsáid na Gaeilge a threisiú agus tá sé ina ghné thábhachtach den pholasaí sin i gcónaí go mbeidh baill foirne atá inniúil sa Ghaeilge ar fáil sa Státchóras. Ar ndóigh, tá an cheist maidir le cumas comhlachtaí poiblí seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge agus ceist na hearcaíochta don Státchóras fíte fuaite lena chéile.

Mar thoradh ar chinneadh a thóg an Rialtas i mí Dheireadh Fómhair 2013 chun cumas na Gaeilge sa Státseirbhís a threisiú, tá an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ag iarraidh ar Ranna Rialtais agus ar Oifigí Rialtais sainaithint a dhéanamh ar phoist agus ar réimsí oibre ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge mar chuid den phróiseas pleanála don fhórsa oibre. Táthar ag iarraidh ar Ranna aird ar leith a thabhairt ar phoist atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta nó a dhéanann freastal ar cheantair Ghaeltachta. Beidh an próiseas seo lárnach chun a chinntiú go ndéanfar foráil dhóthanach i gcomórtais earcaíochta amach anseo do cheapacháin i bpoist ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge. Ina theannta sin, sonrófar na poist sin ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge i scéimeanna teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 amach anseo. Tá na bearta seo ag teacht le spriocanna sonracha atá luaite sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge chun cur leis an líon oifigeach atá in ann feidhmiú go dátheangach sa Státchóras.

Mar chéad chéim sa phróiseas seo, cuirfear na socruithe nua i bhfeidhm don chomórtas earcaíochta d'oifigigh feidhmiúcháin atá le reachtaíl go luath. Tá sé beartaithe fophainéal de dhaoine atá inniúil sa Ghaeilge a chruthú ar a mbeidh 6% de líon an phainéil iomlán air.

Chomh maith leis na beartais seo, tá comhaontú seirbhíse sínithe ag mo Roinn leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chun oiliúint sa Ghaeilge agus tástáil inniúlachta a sholáthar don Státseirbhís agus d'eagraíochtaí seirbhíse poiblí ar leith. Is comhartha dóchais é go bhfuil, ó mhí na Samhna 2011 i leith, os cionn 300 seirbhíseach poiblí tar éis páirt a ghlacadh i gcúrsaí oiliúna atá eagraithe ag an chomhlacht oiliúna Gaelchultúr, a bhfuil conradh acu le Foras na Gaeilge cúrsaí oiliúna a sholáthar don tseirbhís phoiblí.

Tá an t-athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 críochnaithe anois agus cuirfear na dréacht-Chinn den Bhille chun an tAcht a leasú faoi bhráid an Rialtais go han-luath. Ba iad aidhmeanna an athbhreithnithe a chinntiú gur meicníocht é an tAcht a thacaíonn le forbairt na Gaeilge ar bhealach atá éifeachtach agus éifeachtúil ó thaobh costais de agus go bhfuil na dualgais a eascraíonn ón Acht cuí chun soláthar sásúil seirbhísí trí Ghaeilge ag comhlachtaí poiblí a chinntiú, de réir an éilimh atá orthu ón phobal.

Fuarthas thart ar 1,400 freagra ar an suirbhé agus 262 aighneacht le linn an phróisis chomhairliúcháin a eagraíodh mar chuid den athbhreithniú. Tá sé i gceist na dréacht-Chinn den Bhille a chur faoi bhráid an Choiste um Chomhshaol, Chultúr agus an Ghaeltacht agus iad a fhoilsiú ar shuíomh idirlín mo Roinne i dteannta thorthaí an phróisis chomhairliúcháin, chomh luath agus atá cead an Rialtais faighte chuige sin.

Chomh maith leis na leasuithe éagsúla atá beartaithe mar thoradh ar an athbhreithniú ar an Acht, beidh forálacha a bhaineann le cónascadh Oifig an Choimisinéara Teanga le hOifig an Ombudsman san áireamh sna dréacht-Chinn den Bhille. Ba mhaith liom a threisiú anseo inniu nach gcuirfidh an cónascadh seo isteach ar neamhspleáchas an Choimisinéara Teanga i bhfeidhmiú a chuid cumhachtaí agus go bhfanfaidh an oifíg sa Ghaeltacht. Tabharfar na mionsonraí maidir lena mbeidh i gceist leis an chónascadh nuair a fhoilseofar na dréacht-Chinn den Bhille.

Mar atá nótáilte i dtuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga don bhliain 2012, caithfidh údaráis bhóithre na tíre cloí leis na dualgais atá leagtha orthu faoin Lámhleabhar do Chomharthaí Tráchta. Níl aon fheidhm reachtúil agamsa maidir leis an chúram sin. Ní miste a nótáil nach dtagann comharthaí bóthair faoin Acht Teanga.

Mar fhocal scoir, a Chathaoirligh, is mian liomsa a threisiú go bhfuil an Rialtas seo liomanta do chur chun cinn na Gaeilge trí bheartais reachtaíochta teanga agus trí réimse gníomhaíochtaí agus tacaíochtaí eile. Tá dul chun cinn fiúntach déanta agus á dhéanamh le roinnt blianta anuas agus is féidir linn a bheith dearfach seachas diúltach maidir leis an dúshraith láidir atá leagtha síos idir chearta teanga agus struchtúir institiúideacha eile chun tacú leis an Ghaeilge.

Tá tábhacht ar leith ag baint le hAcht na dTeangacha Oifigiúla chun cearta an tsaoránaigh maidir lena rogha teanga a chosaint agus tá ról lárnach ag Oifig an Choimisinéara Teanga maidir le monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Achta. Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun gach rath a ghuí ar an Uasal Rónán Ó Domhnaill atá le ceapadh ina Choimisinéir Teanga go luath. Tá mé cinnte go rachaidh sé i mbun a chuid dualgas chomh díograiseach agus chomh fuinniúil céanna leis an chéad Choimisinéir, ag tógáil ar an dúshraith láidir atá leagtha síos ag an Uasal Ó Cuirreáin le deich mbliana anuas.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúil duit, a Chathaoirligh, agus do bhaill an chomhchoiste as an deis cainte seo a thabhairt dom anseo inniu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.