Oireachtas Joint and Select Committees
Thursday, 23 January 2014
Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara
Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: An Coimisinéir Teanga
1:30 pm
Labhrás Ó Murchú (Fianna Fail) | Oireachtas source
Tá sé suas don fhochoiste féin mar tá an próiseas idir láimhe acu. Is moladh réasúnta é. Tá an moladh sin cosúil leis na moltaí a chur an Teachta Ó Cuív ar aghaidh. Tá sé tábhachtach iad sin a chur i scríbhínn chomh maith agus táim chun sin a rá leis. Ní raibh seans agam é a rá leis sula d'imigh sé. Caithfidh sé na moltaí a chur isteach agus caithfidh muid tabhairt faoi iad a chur i gcríoch amach anseo.
Tá deireadh leis an díospóireacht anois. Arís, ár mbuíochas don coimisinéir. Níl aon amhras faoi ach gur chabhraigh sé go mór linn anseo inniu. Bhí sé an-oscailte. Tá géarghá le macántachta den tsaghas sin. Táim ag féachaint ar na cuairteoirí atá anseo, daoine atá ag saothrú na Gaeilge gach lá, seachtain agus bliain sa tír siad. Tá siadsan ag brath go mbeidh misneach againn go léir maidir le cur chun cinn na Gaeilge. An rud a thugh mé faoi deara ná chomh dearfach agus atá an coimisinéir fós. Tá sé ag súil go rachaidh rudaí ar aghaidh, ach muna bhfuil muid in ann dul i ngleic leis na pointí atá curtha os ár gcomhair, beidh imeallú á dhéanamh ar an Ghaeilge. Tá sé soiléir go maith go bhfuil an coimisinéir tar éis méire a phointeáil i dtreo an státchórais. Sin atá ag teastáil. Ón méid atá cloiste ó na baill, tá sé soiléir go bhfuil siad thar a bheith dáiríre faoi seo.
Is próiseas atá i gceist agus tá sé suas dúinn go léir an struchtúr ceart ar chur ar siúl. Chomh maith le sin, caithfimid teacht ar thuarascáil agus ar pháipéar maidir leis an méid atá luaite. Mar adúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh, caithfimid féachaint ar an straitéis agus measúnú a dhéanamh ar cad atá déanta agus cad iad na spriocanna atá bainte amach. Is cinnte go mbeidh an cáipéis a chur an coimisinéir ar fáil dúinn thar a bheith cabhrach amach anseo. Beidh sé lárnach in aon díospoireacht a bheidh againn leis an Aire Stáit agus le finnéithe eile.
No comments