Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 23 January 2014

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: An Coimisinéir Teanga

1:30 pm

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail) | Oireachtas source

An gnáthchóras ná gur féidir moltaí a chur isteach i scríbhinn. Ón méid atá ráite anseo, tá sé níos soiléire cé hiad na daoine gur cóir a thabhairt isteach anseo. Ní dóigh liom gur leor an tAire Stáit a thabhairt isteach. Tá an státcóras féin agus státseirbhísigh i gceist anseo chomh maith. Caithfimid smaoineamh ar sin agus cén córas gur cóir a bheith againn chun cuireadh a thabhairt do dhaoine mar sin. Moladh an tArd Rúnaí a thabhairt isteach mar shampla, agus caithfimid é sin a dhéanamh. Bheadh sé cabhrach dá ndéanfadh gach ball macnamh ar seo agus dá gcuirfeadh sé moltaí isteach ar cé hiad na finnéithe gur cóir a thabhairt os ár gcomhair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.