Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 23 January 2014

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: An Coimisinéir Teanga

1:30 pm

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail) | Oireachtas source

An rud a bhí i gceist agam ná go gcaithfidh muid roinnt eolas agus fianaise eile a bhailiú ar dtús. Is iontach an chabhair atá faighte againn anseo inniu, mar caithfidh duine éigin freagra a thabhairt ar na ceisteanna a ardaíodh. Níl aon amhras faoi ná go bhfuil dualgas orainn maidir leis an straitéis, ach tá an dá rud ceangailte le chéile. Nuair a thiocfaidh an tAire Stáit isteach, is cinnte go mbeidh an caipéis sin os ár gcomhair agus go mbeidh air freagraí a thabhairt ar na cheisteanna.

Glacaim leis an méid atá á rá ag an Seanadóir freisin. Caithfimid féachaint ar an straitéis, mar cé eile atá chun scrúdú a dhéanamh ar an dul chun cinn? Aontaím leis an Seanadóir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.