Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 23 January 2014

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: An Coimisinéir Teanga

12:20 pm

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá leithscéalta faighte againn inniu ón gCathaoirleach, an Teachta Mac Cárthaigh, agus ón Seanadóir Mac Conghail. Cuirim i gcuimhne do chomhaltaí a ngutháin a mhúchadh. Tá sé sin tábhachtach. Rinneadh na dréachtmhiontuairiscí ó chruinniú an 3 Deireadh Fómhair 2013 a scaipeadh ar chomhaltaí. An mian le haon comhalta aon ní a rá maidir le seo? Tá na dréachtmhiontuairiscí aontaithe. An mian le comhaltaí aon ní eile a phlé faoi aon ghnó eile? Má tá sé sin ar fad aontaithe, is féidir linn dul ar aghaidh leis an gcruinniú.

Tá sé ráite ag an gCoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, go bhfuil sé i gceist aige éirí as a phost le héifeacht ón 23 Feabhra seo chugainn. Gabhaim buíochas le gach éinne atá i láthair don chruinniú seo. Cuirim fáilte roimh an gCoimisinéir Teanga, atá os ár gcomhair inniu. Ba mhaith liom ár mbuíochas a chur in iúl leis toisc gur ghlac sé leis an gcuireadh ón gcoiste bheith i láthair anseo inniu. Iarraim anois ar an gcléireach an gnáthfhógra a léamh a thugtar do gach finné a thagann os comhair coistí Oireachtais.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.