Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 21 January 2014

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: Select Sub-Committee on Arts, Heritage and the Gaeltacht

Estimates for Public Services 2014
Vote 33 - Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht (Revised)
Vote 34 - National Gallery of Ireland (Revised)

2:50 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Ardaíodh ceist maidir le seirbhísí iompar chuig na hoileáin. Tá seirbhísí iompar á chur ar fáil ag an Roinn. I rith na bliana seo, beidh €5.9 milliún ar fáil don tseirbhís sin - an méid céanna agus a cuireadh ar fáil anuraidh. Is iad na seirbhísí a chuirtear ar fáil ná seirbhísí farantóireachta, seirbhísí lastais agus seirbhís aeir chuig Oileáin Árainn - Inis Mór, Inis Meáin agus Inis Oírr. Chomh maith le sin, cuirtear seirbhís busanna ar fáil do na daoine a thagann ó Oileáin Árainn faoi choinne iad a thabhairt isteach go Gaillimh agus amach go dtí na calafoirt arís.

Faoi láthair, déanann muid freastal ar nó cuirtear seirbhís ar fáil do 19 oileán ar fad ar chósta na tíre. Tá conarthaí idir an Roinn agus 21 soláthróirí - daoine a chuireann an tseirbhís ar fáil. Chuir an Teachta ceist faoi multi-annual funding. Níl sin ann go sonrach, ach is é an módh atá againn ná go mbíonn conradh idir an Roinn agus na soláthróirí agus go mbíonn conradh de trí bliana nó cúig bliana eatarthu. Lorgaítear tairiscintí arís nuair a bhíonn an conradh rite. Tá sin ag oibriú go maith agus níl aon deacracht mhór leis.

Maidir leis An Foras Teanga agus Foras na Gaeilge, tá dhá áisíneacht i gceist, Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise - the Ulster-Scots Agency. Chuir muid €13.578 milliún ar fáil don bhliain seo don fhoras ar fad. Déantar comhmhaoiniú idir an Roinn anseo agus an Roinn ó Thuaidh. Tagann an t-ábhar seo aníos ag an cruinniú a bhíonn ag an Comhaireacht Thuaidh-Theas. Ón taithí atá agam le bliain nó dhó, ó tháinig mé isteach sa Roinn, caithfidh mé a rá go bhfuil an comhoibriú agus an nós imeachta sásúil go leor.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.