Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 21 January 2014

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: Select Sub-Committee on Arts, Heritage and the Gaeltacht

Estimates for Public Services 2014
Vote 33 - Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht (Revised)
Vote 34 - National Gallery of Ireland (Revised)

2:10 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Is mór agam an deis seo a fháil inniu Meastacháin 2014 sna réimsí Gaeilge, Gaeltachta agus oileán do mo Roinn a phlé leis an roghchoiste. Tá sé i gceist agam léargas a thabhairt ar na tosaíochtaí don bhliain seo chugainn sna réimsí a bhfuil na feidhmeanna reachtúla ina leith tarmligthe chugam. San iomlán, beidh níos mó ná €41 milliún le caitheamh ag mo Roinn sa bhliain 2014 ar ghnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán agus beidh níos mó ná €39 milliún le caitheamh ar ghnóthaí Thuaidh-Theas. Cé go bhfuil laghdú tagtha ar an soláthar atá ar fáil, tá mise dóchasach go mbeimid in ann aghaidh a thabhairt ar ár gcuid tosaíochtaí a chur i gcrích taobh istigh den bhuiséad. Ós rud é go mbeidh ciorruithe le déanamh chun maireachtáil taobh istigh den soláthar, beidh mé ag cur níos mó béime ná riamh ar éifeachtacht agus ar luach ar airgead a fháil ó allúntas an Státchiste. Beidh cosaint na seirbhísí túslíne mar dhearbhthosaíocht agam agus cinntí á dtógáil i gcomhthéacs an leithdháilte laghdaithe.

Mar is eol don Teach, tá cur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain don Ghaeilge ar an chloch is mó ar phaidrín mo Roinne ón uair gur foilsíodh í i mí na Nollag 2010. Sa chomhthéacs sin, cuirim fáilte roimh an €500,000 atá curtha ar fáil sna Meastacháin mar allúntas ar leith don straitéis. Is léiriú follasach é seo ar chur i bhfeidhm an ghealltanais i gclár an Rialtais a deir go dtacóidh an Rialtas leis an straitéis agus go ndéanfar na spriocanna indéanta atá luaite inti a sheachadadh. Cuirfidh an maoiniú seo ar chumas mo Roinne tabhairt faoi ghníomhaíochtaí éagsúla a thacóidh leis an phróiseas pleanála teanga ar an talamh. Áirítear anseo tacaíocht d'eagraíochtaí pobail chun cabhrú leo tabhairt faoi phleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú faoi Acht na Gaeltachta 2012. Ós rud é go bhfuil an fhreagracht uileghabhálach ar mo Roinn don straitéis, ní miste a lua go bhfuil mo Roinn ag obair go dlúth ar bhonn leanúnach leis na páirtithe leasmhara chun gníomhartha éagsúla faoin straitéis a chur i gcrích. Léiríonn an tuarascáil ar an dul chun cinn atá déanta le trí bliana anuas, a foilsíodh i mí Iúil 2013, agus na pleananna forfheidhmithe a d'fhoilsigh na Ranna Rialtais ábhartha ag an am céanna - 11 acu san iomlán - go bhfuil cur chuige soiléir ann maidir le cur i bhfeidhm na straitéise.

Ar ndóigh, tá an straitéis fite fuaite le scéimeanna mo Roinne sna réimsí Gaeilge, Gaeltachta agus oileán trí chéile. Tá allúntas thart ar €7.5 milliún san iomlán ar fáil sna Meastacháin do na scéimeanna tacaíochta Gaeltachta i mo Roinn do 2014. As an allúntas reatha de €6.1 milliún, caithfear thart ar €2.4 milliún ar an gclár tacaíochta teaghlaigh a bhfuil sé mar aidhm aige tacú leis an nGaeilge mar theanga pobail sa Ghaeltacht. San áireamh faoin gclár seo, tá scéim na gcúntóirí teanga, scéim na gcampaí samhraidh agus maoiniú do na heagraíochtaí éagsúla Gaeltachta atá ag tacú le cur i bhfeidhm an chláir. Ina theannta sin, caithfear thart ar €3.7 milliún ar scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge faoina gcuirtear deontais ar fáil do theaghlaigh Ghaeltachta chun lóistín a sholáthar do lucht foghlamtha na teanga, lena n-áirítear na hábhair oidí, sna coláistí Gaeltachta. Ní miste a nótáil gur fhreastail beagnach 23,000 scoláire ar choláistí sa Ghaeltacht i samhradh 2013. Bainfear leas as an allúntas caipitil de €1.4 milliún faoi na scéimeanna tacaíochta Gaeltachta ar fhorbairt infreastruchtúir na teanga sa Ghaeltacht chun tacú le cur i bhfeidhm na straitéise ar an talamh.

Tá allúntas de beagnach €3.7 milliún san iomlán ar fáil sna Meastacháin do na scéimeanna tacaíochta Gaeilge i mo Roinn do 2014. Caithfear an t-allúntas reatha de €3.6 milliún ar mhaoiniú cúrsaí tríú leibhéal in Éirinn chun mic léinn a oiliúint chun freastal ar riachtanais Ghaeilge an Státchórais in Éirinn agus ar riachtanais Ghaeilge na n-institiúidí Eorpacha. Ina theannta sin, cuirfear maoiniú ar fáil ón soláthar seo do chúrsaí Gaeilge in institiúidí tríú leibhéal thar lear a chabhraíonn le cur chun cinn na Gaeilge ar bhonn idirnáisiúnta. Chomh maith leis sin, cuirfear maoiniú ar fáil ón soláthar seo do thionscnaimh éagsúla téarmaíochta, aistriúcháin, logainmneacha agus foclóireachta, mar aon le maoiniú d'eagraíochtaí atá ag tacú le cur chun cinn na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht.

Mar thoradh ar an phacáiste spreagtha caipitil de chuid an Rialtais, tá allúntas ar leith de €0.5 milliún curtha ar fáil sna Meastacháin do Theach an Phiarsaigh chun gur féidir ionad cuairteoirí a thógáil i Ros Muc mar chuid de chlár cuimhneacháin 2016. Tá na céimeanna cuí idir lámha ag mo Roinnse i gcomhar leis na páirtithe leasmhara chun an togra seo a chur i gcrích in am do chomóradh céad bliain Éirí Amach na Cásca.

Ní miste a rá go bhfuil feidhm thábhachtach ag mo Roinn maidir le forbairt na n-oileán. Beidh €5.9 milliún i maoiniú reatha ar fáil in 2014 chun fóirdheontais a íoc le soláthróirí iompair éagsúla a chuireann seirbhísí farantóireachta, lastais, bus agus aeir ar fáil chuig 19 oileán amach ón gcósta. Ina theannta sin, beidh €644,000 ar fáil i maoiniú caipitil in 2014 chun cothabháil a dhéanamh ar thograí infreastruchtúir ar na hoileáin.

Chomh maith leis an maoiniú a chaitheann mo Roinn ar an Ghaeilge laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht, cuirtear maoiniú ar fáil d'áisíneachtaí a bhfuil ról reachtúil ar leith acu agus a thagann faoi chúram mo Roinne, is iad sin Údarás na Gaeltachta, an Foras Teanga agus Oifig an Choimisinéara Teanga. Tá allúntas de beagnach €17.5 milliún san iomlán ar fáil sna Meastacháin don údarás do 2014. Cuimsíonn sé seo soláthar reatha de €8.8 milliún do chostais riaracháin an Údaráis agus €3 mhilliún d'eagraíochtaí pobalbhunaithe agus teangabhunaithe sa Ghaeltacht. Beidh foinsí reatha maoinithe eile de thart ar €4 mhilliún ó chíosanna ag an údarás féin chun cur leis seo in 2014. Beidh soláthar caipitil de beagnach €5.7 milliún ag an údarás ón Státchiste ar mhaithe le hinfheistíocht fiontraíochta sa Ghaeltacht in 2014 agus beidh foinsí maoinithe eile de thart ar €3 mhilliún ag an údarás féin chun cur leis seo in 2014. Mar thoradh ar an maoiniú seo, táthar ag súil go n-éireoidh leis an údarás 500 post nua a chruthú sa Ghaeltacht in 2014, chomh maith leis an bhonn fostaíochta de 7,000 post a choinneáil slán i gcliantchuideachtaí an údaráis sa Ghaeltacht.

Is gné thábhachtach í d’obair mo Roinne tacú leis an chomhoibriú Thuaidh-Theas agus tá suim iomlán de níos mó ná €13.5 milliún curtha ar fáil don Fhoras Teanga sna Meastacháin in 2014. Tá dhá áisíneacht ar leith i gceist leis an Fhoras Teanga, is iad sin, Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise. Ach an oiread le hUiscebhealaí Éireann, tá an Foras Teanga cómhaoinithe ag mo Roinn agus ag an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó Thuaidh. Dá bhrí sin, beidh buiséad na bliana seo don Fhoras Teanga le haontú leis an Roinn ó Thuaidh agus le faomhadh ina dhiaidh sin ag an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas.

Tá soláthar de €567,000 curtha ar fáil sna Meastacháin in 2014 d'Oifig an Choimisinéara Teanga chun a chuid feidhmeanna reachtúla a chomhlíonadh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Tá léargas tugtha agam ar na gníomhaíochtaí agus ar na forais a bhfuil mo Roinnse ag tacú leo sna réimsí Gaeilge, Gaeltachta agus oileán. Is é an dúshlán atá romham mar Aire Stáit ná feidhmeanna mo Roinne a chur chun cinn sna réimsí sin laistigh de na laincisí airgeadais atá orainn agus cosaint a thabhairt oiread agus is féidir don raon seirbhísí a thugtar don phobal sna réimsí sin. Ach an oiread le mo chomhghleacaí, an tAire Deenihan, beidh mé sásta aon cheisteanna a fhreagairt ar feadh mo chumais.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.