Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 11 December 2013
Joint Oireachtas Committee on Education and Social Protection
General Scheme of Education (Admission to Schools) Bill 2013: Discussion (Resumed)
1:40 pm
Mr. Caoimhghín Ó hEaghra:
Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gcoiste as ucht cuireadh a thabhairt don bhForas Patrúnachta cur i láthair a dhéanamh inniu. Is patrúnacht náisiúnta é an foras do scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbun leibhéal agus ag an meánleibhéal, le 66 scoil faoinár bpátrúnacht i láthair na huaire. Tá scoileanna an fhorais oscailte, trédhearcach agus daonlathach i gcur i bhfeidhm a bpolasaithe iontrála. Fáiltítear roimh gach dalta, is cuma cén cine, creideamh, aicme nó riachtanais oideachais speisialta nó eile atá i gceist.
Tá sé curtha in iúl roimhe seo ag An bhForas Patrúnachta nach bhfuil freastal á dhéanamh ar a lán tuismitheoirí atá ag lorg oideachais lán-Ghaeilge dá bpáistí. Tá níos mó scoileanna lán-Ghaeilge agus soláthar ag teastáil ar fud na tíre, ní hamháin ins na ceantair ina bhfuil gá déimeagrafach, mar atá á leanúint ag an Roinn Oideachais i láthair na huaire. Aithníonn an Bunreacht gurb iad na tuismitheoirí agus an clann príomh oideachasóirí an pháiste. I ráiteas ón Rialtas i nGaeilge i 2006, dúradh go gcuirfí oideachas den chaighdeán is airde ar fáil do pháistí dá mbéadh tuismitheoirí á lorg agus go ndéanfaí leathnú ar an soláthar ag an mbunleibhéal agus ag an dara leibhéal nuair a bhéadh sé á lorg.
Tá dualgas ar scoileanna lán-Ghaeilge freastal ar thuismitheoirí atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge. Is mionlach iadsan a labhrann Gaeilge sa bhaile. Tá freagracht orainn an grúpa seo a fhorbairt agus a chothú mar gheall ar a gcearta agus mar gheall gur chuid lárnach dár n-oidhreacht í an teanga. Aithníonn Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ról lárnach na scoileanna lán-Ghaeilge anseo agus, dá bhrí sin, a ndualgas.
Ar nós gach scoil le ró-éileamh, bhí ar scoileanna lán-Ghaeilge critéir a leagan chun dul i ngleic leis. Tugadh tosaíochtaí do chritéir ar nós daltaí le Gaeilge mar an chéad teanga acu sa bhaile agus moltar leasú ar rialachán 22 ag ceadú meastacháin ionas gur féidir le scoileanna lán-Ghaeilge freastal ar na daltaí seo. Aontaíonn an foras nach cóir tástáil ar chumas dalta a dhéanamh chun cinneadh a dhéanamh maidir le rollú don scoil ach, dar linn, ní hionann an tástáil seo agus an deimhniúchán a dhéanfaí le tuismitheoirí nó daltaí atá ag iarraidh tús áite toisc go labhrann siad Gaeilge sa bhaile. Aontaíonn An Foras Patrúnachta freisin gur chóir tosaíocht a thabhairt do pháistí a d'fhreastal ar scoileanna lán-Ghaeilge ar an mbunleibhéal nuair atá siad ag déanamh iarratas ar áit i scoil lán-Ghaeilge den dara leibhéal.
Is gá don Roinn Oideachas agus Scileanna a chintiú go bhfuil fáil ag gach dalta sa tír ar oideachas trí mheán na Gaeilge más mian leo é. Ní chóir go mbéadh daltaí atá ag iarraidh freastal ar scoil lán-Ghaeilge faoi mhíbhuntáiste má tá siad achar áirid ón scoil agus taobh amuigh de abhantrach na scoile. Seo a leanas na himpleachtaí, mar a fheicimid iad. Ní cóir go mbéadh iallach ar aon tuismitheoir dalta a sheoladh chuig scoil lán-Ghaeilge muna bhfuil siad ag iarraidh an cineál sin oideachais dá bpáiste, rud a d'fhéadfaí a thógáil as an bpolasaí nua.
No comments