Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 11 December 2013

Joint Oireachtas Committee on Education and Social Protection

General Scheme of Education (Admission to Schools) Bill 2013: Discussion (Resumed)

1:20 pm

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Dia dhaoibh a Chathaoirligh, a bhaill agus a chairde. I will also make my presentation as Gaeilge but I will be happy to answer questions in English or Irish.

Fáiltíonn Gaelscoileanna Teoranta, an eagraíocht náisiúnta comhordaithe agus ionadaíoch dos na scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal, go mór roimh an deis ionchur a bheith againn sa phroiséas chomhairleacháin seo, ach go háirithe mar a bhaineann leis na scoileanna lán-Ghaeilge.

Aithníonn Gaelscoileanna Teoranta go bhfuil sé intuigthe sa rialachán nua go leanfaidh an ceart atá ag scoileanna lán-Ghaeilge a gcritéir ró-liostála féin a leagan amach de réir údaráis agus féin rial an bhoird bhainistíochta, gur critéir iad a léireoidh meas ar na naoi bprionsabal comhionnanais. Dá réir sin, leanfar leis an gceart atá ag scoileanna, más é polasaí an bhoird bhainistíochta é, tús áite a thabhairt ina bpolasaí rollacháin, i gcás ró-éileamh, do theaghlaigh lán-Ghaeilge, do theaghlaigh le leibhéil éagsúla cumais agus úsáide agus do theaghlaigh a bhfuil spéis ar leith acu i gcur chun cinn na teanga. Aithníonn Gaelscoileanna Teoranta, freisin, go mbeidh cosaint sa rialachán nua do iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge leanúint leis an gcur chuige scoileanna friothálacha lán-Ghaeilge a ainmniú sa pholasaí rollacháin.

Is córas roghnach agus uilegabhálach atá i gcóras na gaelscolaíochta. I gcroílár éiteas gach scoil lán-Ghaeilge tá cosaint agus caomhnú na teanga Gaeilge. Anuas ar an mbunsprioc seo, freastalaíonn na scoileanna lán-Ghaeilge ar gach sainmheoin creidimh de réir éiteas chreideamh na scoile faoi seach arna leagan síos ag an bpátrún.

Aithnítear gur mionlach an-bheag iad na teaghlaigh lán-Ghaeilge laistigh den chóras oideachais lán-Ghaeilge agus, dá réir, go bhfuil impleachtaí imeallacha ann dóibh sa phróiséas iontrála go ginearálta. É sin ráite, má tá formhór na spásanna scoile ag aon scoil ar leith le líonadh trí chéad rogha do shiblíní agus go bhfuil spásanna teoranta ann dá thoradh, tá impleachtaí díreacha ann do theaghlaigh lán-Ghaeilge ó thaobh áit scoile a fháil.

I gcásanna scoileanna lán-Ghaeilge atá in ann freastal ar an éileamh ó gach iarrthóir, leanfar leis an gcleachtas go nglacfar le gach iarrthóir. An áit a bhfuil dúshlán ann ná sa 29% de bhunscoileanna agus sa 22% de iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge nach bhfuil in ann freastal ar an éileamh. Go minic baineann an easpa achmhainneachta ag an scoil glacadh le gach iarrthóir le staid na cóiríochta sa scoil. Muna bhfuil cóiríocht feiliúnach ó thaobh spáis nó timpeallacht cuí foghlamtha níl aon rogha ag scoileanna ach srian a chur ar líon na n-iarrthóirí a nglacfar leo trí pholasaí agus próiséas roghnacháin a chur i bhfeidhm. I gcás ro-éilimh, cuirtear tuismitheoirí ar an eolas roimhré agus tugtar eolas dóibh maidir le roghanna eile lán-Ghaeilge sa cheantar, más ann dóibh. Má theipeann ar an iarratas sonraítear go mbaineann an cúis le ró-éileamh.

Ábhar imní an-mhór is ea an bac atá luaite mar chritéar rollacháin tosaíocht a thabhairt do pháistí a d'fhreastal ar naíonra. Leagann an-chuid bunscoileanna lán-Ghaeilge an-bhéim ar an eispéaras foghlama seo sa pholasaí rollacháin agus molann Gaelscoileanna Teoranta go mbéadh sé de chead agus de cheart acu leanúint leis an gcleachtadh seo chun leas an chórais luath-thumoideachais.

Ar an mór-iomlán, tugann scoileanna tús áite do shiblíní thar aon critéar eile. Is critéar tábhachtach é seo ar bhonn phraiticiúil chun nach mbeidh tuismitheoirí ag taisteal ó scoil ar scoil agus, freisin, ar bhonn chaomhnú teanga an teaghlaigh. An áit ina n-éiríonn sé dúshlánach ná más ionann líon na siblíní agus líon na n-aiteanna nó más mó na siblíní ná na háiteanna nó más mó líon na dteaghlaigh lán-Ghaeilge ná líon na n-áiteanna atá ar fáil i ndiaidh folúntais a dháileadh ar shiblíní. Is é seo croílár na faidhbe ag leibhéal praiticiúil do scoileanna lán-Ghaeilge.

Ag an mbunleibhéal baineann roinnt scoileanna leas as modh an agallaimh mar bhunchuid den chóras roghnacháin i gcás ro-éilimh chun nósmhaireacht teangeolaíochta an teaghlaigh a dheimhniú. Is furast tríd an modh seo teaghlaigh lán-Ghaeilge a aithint. Ceist níos casta í, áfach, ná conas cumas agus spéis sa teanga ag teaghlaigh eile nach teaghlaigh lán-Ghaeilge iad a mheas i mbealach obiachtúil. Tá dea-thoil agus cumas éagsúil i dtaobh na Gaeilge go tréan le sonrú trí iarrthóirí ar áiteanna i scoileanna lán-Ghaeilge. Ag an iar-bhunleibhéal, úsáideann roinnt scoileanna modh an chruinnithe aonair le tuismitheoirí chun sainmheoin teanga na scoile a mhíniú dóibh. Ní gá go n-úsáidtear an t-agallamh mar mhodh roghnacháin ach mar dheis don tuismitheoir a spéis agus tiomantas don chóras lán-Ghaeilge a dhearbhú dóibh féin.

Molann Gaelscoileanna Teoranta go mbéadh sé de cheart ag bunscoileanna lán-Ghaeilge freastal ar naíonra lán-Ghaeilge a aithint mar chritéar iontrála i gcás ró-éilimh, i bhfianaise na tábhachta a bhaineann leis an tréimhse luath-thumadh sa teanga agus na buntáistí teangeolaíochta a bhronann an éispéireas seo. Molaimid go mbéadh soláthar ceart don ghaelscolaíocht ann trí sholáthair úr agus tré chóiríocht cheart dos na scoileanna reatha, chun go mbeidh scoileanna in ann fíor-rogha a thairiscint dá gcuid pobal agus nach mbeidh páistí á ndiúltú nó brú ar pháistí freastal ar scoil lán-Bhéarla toisc easpa soláthair dóibh laistigh d'achar réasúnta taistil. Molaimid go bhfágfar faoin saineolas áitiúil é, tríd an bhord bainistíochta, córas gairmiúil inghlactha a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, i gcomhar leis na tuismitheoirí agus trí chomhairlúcháin trédhearcach, chun an sainmheoin teanga sa scoil a chosaint. Molaimid go n-aithnítear an tábhacht a bhaineann sa sainmheoin teanga láidir a bheith ag scoil lán-Ghaeilge agus go dtabharfar tacaíocht chun na críche sin. Chomh maith leis sin uilig, molaimid go n-aithnítear gur mionlach fíor-bheag ach fíor luachmhar iad teaghlaigh lán-Ghaeilge sa chóras gaelscolaíochta agus go bhfuil tacaíocht de dhíth orthu ón Stát agus ón gcóras.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.