Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 11 December 2013
Joint Oireachtas Committee on Education and Social Protection
General Scheme of Education (Admission to Schools) Bill 2013: Discussion (Resumed)
1:10 pm
Mr. Kevin De Barra:
A Chathaoirligh, a Theachtaí Dála agus a Sheanadóirí, thar ceann Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gComhchoiste um Oideachas agus Coimirce Shóisialach as an deis labhartha a thabhairt dúinn. While I will address the committee in Irish, an English copy of the presentation is available and I am more than willing to answer questions in English or Irish.
Is í Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge lár-chomhairle phobal na Gaeilge. Oibríonn muid chun bá agus chun tacaíocht don Ghaeilge mar bheotheanga a neartú agus a bhuanú i ngach gné de shaol mhuintir na hÉireann. Bunaithe i 1943, feidhmíonn an chomhdháil mar scátheagraíocht ar na heagrais dheonacha Gaeilge agus thar ceann phobal na Gaeilge ar mhaithe leis an gcuspóir náisiúnta, an Ghaeilge a athbheochan. Baineann balleagraíochta sa gcomhdháil le mór-réimsí uile na hearnála.
Is í feidhm don chomhdháil na heagraíochtaí Gaeilge agus cairde eile na teanga a chomhdhlúthú d'fhonn comhpháirtíocht thorthúil a chinntiú trí chumarsáid a chothú agus aontú ar phríomhspriocanna oibre na comhdhála. Tagann roinnt mhaith eagraíochtaí oideachais faoi scáth na comhdhála, mar shampla Gaelscoileanna Teoranta agus An Foras Pátrúnachta, atá os bhur gcomhair inniu. Chomh maith céanna tá Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta, Na Naíonraí Gaelacha, Comhar na Múinteoirí Gaeilge agus Comhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh. In ár n-aighneacht, a cuireadh faoi bhráid an chomhchoiste, léirigh muid tuairimí comhaontaithe na n-eagraíochtaí seo, mar aon le tuairimí na hearnála deonaí Gaeilge i gcoitinne.
Fáiltíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge roimh scéim ghinearálta an Bhille Oideachais (Ligean Isteach ar Scoil) 2013 agus moltar an Roinn Oideachais agus Scileanna as a cuid beartas go dtí seo i leith deireadh a chur le cleachtais idirdhealaitheacha i gcóras oideachais na tíre ag an mbunleibhéal agus an meánleibhéal. Creideann an Comhdháil Náisiunta na Gaeilge gur gá caomhnú éiteas teanga na scoileanna lán-Ghaeilge a bheith mar thosaíocht i mbeartas ar bith a chuirtear i bhfeidhm i dtaobh phróisis iontrála scoileanna. Fáiltítear roimh beartais an dréacht-Bhille a chosnóidh sainmheoin teanga scoileanna lán-Ghaeilge agus moltar go leanfar leis na tograí nach gcuirfidh bac ar scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do theaghlaigh lán-Ghaeilge, agus nach gcuirfidh bac ar iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do ghaelscoileanna mar scoileanna friothálacha.
No comments