Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 11 December 2013

Joint Oireachtas Committee on Education and Social Protection

General Scheme of Education (Admission to Schools) Bill 2013: Discussion (Resumed)

1:10 pm

Dr. Ríona Ní Fhrighil:

Is mise an Dochtúir Ríona Ní Fhrighil agus tá mé anseo inniu thar cheann an ghrúpa, Cearta Oideachais, grúpa tuismitheoirí atá ag tógáil clainne le Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Is tuismitheoir mé féin, dar ndóigh, agus lena chois sin baineann cúrsaí oideachais agus sealbhú teanga imeasc na n-óg le mo réimse saineolais mar léachtóir ollscoile in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

I dtaca leis an dréacht bhille um rollú scoile agus leis na rialacháin, fáiltíonn an grúpa roimh ábhar an bhille agus tuigtear dúinn go bhfuil gá leis na na leasaithe seo le comhdheiseanna oideachais a chinntiú do leanaí na linne seo. Imeasc pháistí na ngaelscoileanna is grúpa mionlaigh iad na páistí a bhfuil an Ghaeilge mar chéad teanga acu. Táimid ag caint ar 3% de phoball na ngaelscoileanna. Creidimid gur chóir go mbéadh cead ag gaelscoileanna tús áite a thabhairt don mhionlach seo. Níl aon rud suntasach faoin seasamh seo, leoga. Is mar seo atá i dtíortha ilteangacha ar fud an domhain agus i gcoinbhinsiúin éagsúla de chuid na Náisiún Aontaithe, mar a n-aithnítear go bhfuil cearta ag páistí oideachas a fháil tré mheán na chéad teanga acu. Cé nach gcuirtear cosc follasach, nó bac de jure, ar ghaelscoileanna ins na dréacht rialacháin teanga baile an pháiste a chur san áireamh, is geall le cosc ós íseal, nó bac de facto, rialáchán 20, mar a ndeirtear, "It shall not be permissible for schools to interview parents or students as part of the school's admissions process". An cheist atá agam ná sa chás nach bhfuil cead ag príomhoide gaelscoile bualadh le tuismitheoir nó le páiste roimhré cén dóigh a mbeifear in ann na páistí a bhfuil an Ghaeilge mar theanga baile acu a aithint agus tús áite a thabhairt dóibh.

I gcás scoileanna Caitliceacha nó i gcás scoileanna Eaglais na hÉireann tá teastas baiste a dhearbhaíonn creideamh ar pháiste. Níl aon rud ag an chainteoir dúchais Gaeilge, áfach, a léiríonn gur cainteoir dúchais Gaeilge é ach amháin a theanga féin. Tá eisceacht amháin sonraithe ins na rialacha cheana féin. De réir rialachán 21, beidh cead ag scoileana cónaithe cuireadh chun agallamh a thabhairt do iarrthóirí agus do thuismitheoirí, cé nach gceadaítear don scoil an t-agallamh sin a úsáid le cumas acadúil an iarrthóra a mheas.

An moladh atá ag Cearta Oideachais ná go dtabharfaí cead teoranta den chineál chéanna do ghaelscoileanna, cead a bhéadh dírithe go sonrathach orthu siúd arb í an Ghaeilge an teanga baile agus orthu siúd amháin. Ní bheifí ag iarraidh cumas acadúil an pháiste a mheas ach a dhearbhú gurb í an Ghaeilge an teanga baile. Tá an leasú atá á mholadh againn leagtha amach san aighneacht a chuir muid faoi bhráid an choiste. I mbeagán focal, creidimid gur chóir agus gur gá cead a thabhairt do ghaelscoileanna cuireadh a thabhairt don pháiste agus don tuismitheoir bualadh leis an phríomhoide lena dhearbhú gurb í an Ghaeilge an teanga baile.

Tá taighde go leor déanta againn ar an chur chuige i gCeanada agus san Fhionlainn. Is mar seo atá. Tugtar cead don phríomhoide bualadh le tuismitheoir agus le páiste roimhré. An rud atá á rá againn ná go bhfuil an moladh atá againne ag teacht le dea-chleachtas idirnáisiúnta. I ndeireadh na dála, aontaímid ar fad gur chóir go mbéadh comhdheiseanna oideachais ag leanaí uile an Stáit. An té atá ag tógáil clainne le Gaeilge sa lá atá inniu ann, creideann sé go docht daingean san ilteangachas agus san ilchultúrthacht. Tá sé sásta beart de réir briathair agus teanga nach í teanga an phobail a labhairt lena chuid páistí sa bhaile. Maidir le páistí a bhfuil an Ghaeilge mar chéad teanga acu atá ag lorg áite i ngaelscoil, nach luíonn sé le réasún go dtabharfaí cead cainte dos na páistí sin, go dtabharfaí deis dóibh cruthú gur cainteoirí dúchais Gaeilge iad atá á dtógáil le Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus go bhfuil áit tuillte acu sa ghaelscoil dá réir sin.

Ní chuirfidh an leasú atá á mholadh againn cearta páistí eile ar ceal. Táimid ag caint ar mhionlach an-bheag, 3% de phobal na ngaelscoileanna. Creidimid go léir gur mian leis an Stát seo, le fírinne, cearta oideachais grúpaí mionlaigh a chosaint, cearta oideachais na gcainteoirí óga Gaeilge sa áireamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.