Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 9 July 2013

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: Select Sub-Committee on Arts, Heritage and the Gaeltacht

Estimates for Public Services 2013
Vote 33 - Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht (Revised)
Vote 34 - National Gallery of Ireland (Revised)

5:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá áthas orm Meastacháin 2013 sna réimsí Gaeilge, Gaeltachta agus oileán do mo Roinn a chur i láthair an chomhchoiste seo. Tá sé i gceist agam léargas a thabhairt don chomhchoiste maidir leis na tosaíochtaí agus an caiteachas atá ar bun sna réimsí Gaeilge, Gaeltachta agus oileán, a bhfuil na feidhmeanna reachtúla ina leith tarmligthe chugamsa.

Is é an t-allúntas iomlán atá ann do ghnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán in 2013 ná €41.96 milliún. Ina theannta sin, tá allúntas de €14.613 milliún ann don Fhoras Teanga Thuaidh Theas. Mar atá ráite ag mo chomhghleacaí, an Teachta Deenihan, níl na hacmhainní airgeadais ar fáil i mbliana, ach an oiread le blianta eile, chun gur féidir linn maoiniú a dhéanamh ar na seirbhísí uile gur dheas linn a sholáthar don phobal. Sna cúinsí eacnamaíocha reatha, níl de rogha againn ach cinntí crua a thógáil arís i mbliana agus muid ag déanamh ár ndícheall chun an raon seirbhísí a chuirtear ar fáil don phobal a choinneáil ag imeacht.

Mar Aire Stáit, táimse ag tabhairt tús áite, taobh istigh de na hacmhainní atá ar fáil: don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus, ach go háirithe, don phróiseas pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta 2012; do chruthú fostaíochta sa Ghaeltacht; agus do sholáthar seirbhísí iompair do na hoileáin. Ós rud é go bhfuil an fhreagracht uileghabhálach ar mo Roinn don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, tuigfidh an comhchoiste go bhfuil mo Roinn ag obair go dlúth leis na príomhpháirtithe leasmhara chun an straitéis a chur i bhfeidhm thar thréimhse 20 bliain taobh istigh de na hacmhainí atá ar fáil. Táim ag súil le foilsiú na tuarascála faoin dul chun cinn atá déanta go dáta faoin straitéis níos moille an mhí seo, chomh maith le foilsiú na bpleananna forfheidhmithe faoin straitéis ag na ranna Rialtais ábhartha, lena n-áirítear mo Roinn féin, ar ndóigh.

Ní miste a rá go bhfuil an straitéis fite fuaite le hobair agus le caiteachas mo Roinne sna réimsí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán trí chéile. Tá allúntas de €8.223 milliún ar fáil do na scéimeanna tacaíochta Gaeltachta i mo Roinn i mbliana, chomh maith le hallúntas de €4.2 milliún atá ar fáil do na scéimeanna tacaíochta Gaeilge. Ciallaíonn sé seo go bhfuil ar chumas mo Roinne tacú le cur i bhfeidhm na straitéise sa Ghaeltacht agus ar bhonn níos forleithne taobh amuigh den Ghaeltacht.

As an allúntas reatha de €6.723 milliún atá ar fáil do na scéimeanna tacaíochta Gaeltachta, caitear thart ar €2.5 milliún ar an chlár tacaíochta teaghlaigh, lena n-áirítear maoiniú do scéim na gcúntóirí teanga, do scéim na gcampaí samhraidh agus d'eagraíochtaí éagsúla atá ag tacú le cur i bhfeidhm an chláir áirithe seo. Tá sé mar aidhm ag an chlár tacaíochta teaghlaigh an Ghaeilge a threisiú mar theanga teaghlaigh sa Ghaeltacht. Caitear thart ar €4.2 milliún ar scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge faoina dtugtar cúnamh do theaghlaigh sa Ghaeltacht chun lóistín a sholáthar do na foghlaimeoirí Gaeilge. Is scéim teangabhunaithe thar a bheith rathúil í seo agus beagnach 24,000 míle dalta tar éis freastal ar na coláistí samhraidh sa Ghaeltacht in 2012. Tá an t-allúntas caipitil de €1.5 milliún ar thaobh na scéimeanna tacaíochta Gaeltachta á chaitheamh ar fhorbairt infreastruchtúir na teanga sa Ghaeltacht chun tacú le cur i bhfeidhm na straitéise ar an talamh.

Faoi na scéimeanna tacaíochta Gaeilge de chuid mo Roinne, tá an t-allúntas reatha de €4.1 milliún á chaitheamh ar mhaoiniú cúrsaí tríú leibhéal in Éirinn chun mic léinn a oiliúint chun freastal ar riachtanais Ghaeilge an státchórais in Éirinn agus ar riachtanais Ghaeilge na n-institiúidí Eorpacha. Ina theannta sin, cuirtear maoiniú ar fáil ón soláthar seo do chúrsaí Gaeilge in institiúidí tríú leibhéal thar lear a chabhraíonn le cur chun cinn na Gaeilge ar bhonn idirnáisiúnta. Chomh maith leis sin, cuireadh maoiniú ar fáil ón soláthar seo do thionscnaimh éagsúla téarmaíochta, aistriúcháin, logainmneacha agus foclóireachta, mar aon le maoiniú d'eagraíochtaí atá ag tacú le cur chun cinn na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht.

Mar is eol don chomhchoiste, is é an gníomh is suntasaí a tógadh faoin straitéis ná achtú Acht na Gaeltachta in 2012. Faoin Acht seo, tabharfar aitheantas feasta do na limistéir pleanála teanga Ghaeltachta bunaithe ar chritéir theangeolaíocha seachas ar limistéir thíreolaíochta, mar a bhí go dtí seo. Ina theannta sin, beidh deis ag ceantair lasmuigh de na limistéir Ghaeltachta aitheantas reachtúil a bhaint amach mar líonraí Gaeilge nó mar bhailte seirbhíse Gaeltachta. Tá mo Roinnse ag obair i gcomhpháirtíocht le hÚdarás na Gaeltachta agus le Foras na Gaeilge atá ag cabhrú le pobail i gceantair éagsúla chun pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú i gcomhréir le hAcht na Gaeltachta. Chomh maith leis an maoiniú a chaitheann mo Roinn ar an Ghaeilge taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht, cuirtear maoiniú ar fáil d'áisíneachtaí a bhfuil ról reachtúil ar leith acu agus a thagann faoi chúram mo Roinne, is iad sin Údarás na Gaeltachta, an Foras Teanga agus Oifig an Choimisinéara Teanga.

Maidir le hÚdarás na Gaeltachta, tá soláthar iomlán de os cionn €18.409 milliún curtha ar fáil d'Údarás na Gaeltachta i mbliana. Cuimsíonn sé seo soláthar reatha de thart ar €9 milliún do chostais riaracháin an údaráis agus €3.4 milliún d'eagraíochtaí pobalbhunaithe agus teangabhunaithe sa Ghaeltacht. Chomh maith leis sin, tá soláthar caipitil de €6 milliún ag an údarás ón Státchiste ar mhaithe le hinfheistíocht fiontraíochta sa Ghaeltacht agus tá foinsí maoinithe eile de thart ar €3.6 milliún ag an údarás féin chun cur leis seo i mbliana. Mar thoradh ar an maoiniú seo, táthar ag súil go n-éireoidh leis an údarás 400 post úr a chruthú sa Ghaeltacht i mbliana, chomh maith le bonn fostaíochta de 6,500 post a choinneáil slán i gcliantchuideachtaí an údaráis sa Ghaeltacht.

Is gné thábhachtach í d’obair mo Roinne tacú leis an chomhoibriú thuaidh theas agus tá suim iomlán de €14.613 milliún curtha ar fáil don Fhoras Teanga i mbliana. Tá dhá áisíneacht ar leith i gceist leis an Fhoras Teanga, is iad sin, Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise. Ach an oiread le hUiscebhealaí Éireann, tá an Foras Teanga cómhaoinithe ag mo Roinnse agus ag an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó Thuaidh. Dá bhrí sin, beidh buiséad na bliana seo don Fhoras Teanga le haontú leis an Roinn ó Thuaidh agus le faomhadh ina dhiaidh sin ag an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas. Tá soláthar de €599,000 curtha ar fáil i mbliana d'Oifig an Choimisinéara Teanga chun a chuid feidhmeanna reachtúla a chomhlíonadh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Maidir leis na hoileáin, ní miste a rá go bhfuil feidhm thábhachtach ag mo Roinnse maidir le forbairt na n-oileán. Tá €5.9 milliún i maoiniú reatha ar fáil i mbliana chun fóirdheontais a íoc le soláthróirí iompair éagsúla a chuireann seirbhísí farantóireachta, lastais, bus agus aeir ar fáil chuig 20 oileán amach ón chósta. Ina theannta sin, tá €679,000 míle ar fáil i maoiniú caipitil i mbliana chun cothabháil a dhéanamh ar thograí infreastruchtúir ar na hoileáin. Tá léargas gairid tugtha agam ar na gníomhaíochtaí agus ar na forais a bhfuil mo Roinnse ag tacú leo sna réimsí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán. Is é an dúshlán atá romham mar Aire Stáit ná feidhmeanna mo Roinne a chur chun cinn sna réimsí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán laistigh de na laincisí airgeadais atá orainn agus cosaint a thabhairt oiread agus is féidir don raon seirbhísí a thugtar don phobal sna réimsí sin. Ach an oiread le mo chomhghleacaí, an Teachta Deenihan, beidh mé lánsásta ceisteanna a fhreagairt ar feadh mo chumais.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.