Oireachtas Joint and Select Committees
Thursday, 13 June 2013
Joint Oireachtas Committee on the Implementation of the Good Friday Agreement
Northern Ireland Irish Language Act: Discussion
12:00 pm
Ms Janet Muller:
Our argument would be that the Act is an important means to depoliticise the language. Le cúig bliana déag anuas, tá athruithe móra tagtha ar shochaí an Tuaiscirt. Is láidre an Ghaeilge anois agus is mó an t-aitheantas stáit atá aici, go háirithe faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta agus faoi Chomhaontú Chill Rimhinn, agus faoi ionstraimí idirnáisiúnta, mar shampla, Cairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh. Go fóill, áfach, is í an Ghaeilge an t-aon phríomhtheanga dhúchais ar na hoileáin seo nach bhfuil faoi chosaint ar leith na reachtaíochta intíre. Forbraíodh réim dlíthiúil na Breatnaise tuilleadh ag Beart na Breatnaise 2011. Tá an Gáidhlig in Albain faoi chosaint Acht na Gáidhlig (Albain) 2005. Tá an Ghaeilge, ar ndóigh, faoi chosaint bhunreachtúil agus faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2006 ó dheas agus glacadh léi mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh.
Le blianta fada, tá sé soiléir dár bpobal ó Thuaidh go bhfuil géarghá le reachtaíocht chuí áitiúil don Ghaeilge i dTuaisceart na hÉireann. Le cuidiú leis an phróiseas, d'fhoilsigh POBAL ár ndoiciméad, Acht na Gaeilge Tuaisceart Éireann i mí Feabhra 2006.
No comments