Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 29 May 2013

Joint Oireachtas Committee on Education and Social Protection

Pupil-Teacher Ratio in Gaeltacht Schools: Discussion

2:35 pm

Ms Anna Ní Chartúir:

Maidir leis an bhun-difríocht idir scoil Ghaeltachta agus scoil a mhúineann trí mheán an Bhéarla. Múintear chuile ábhar trí mheán na Gaeilge i scoil Ghaeltachta agus múintear chuile ábhar tríd an Bhéarla i scoil lasmuigh den Ghaeltacht seachas Gaeilge. Tá sé de dhualgas, áfach, ar scoileanna Gaeltachta caighdeán an chainteora dúchais a bhaint amach i ngasúr Ghaeltachta sa Bhéarla agus sa Ghaeilge. Tá tástálacha caighdeáin ag an Roinn Oideachais agus Scileanna agus caithfimid na torthaí a chur ar ais chucu. Sin brú agus freagracht bhreise ar mhúinteoirí sna scoileanna Gaeltachta. Ghlac siad leis an bhfreagracht sin, go deimhin ní raibh tástálacha caighdeánacha Gaeilge ann go dtí cúpla bliain anuas a tháinig COGG ar an bhfód. Táimid ag caint faoi fhigiúirí agus sé phost caillte. Cén méid airgid dáiríre atá sábháilte don Stát aige sin? Glacaim leis an méid a dúradh gur cost saving measure atá ann agus mar sin, ach ní féidir luach a chur ar an teanga. Nuair a bheidh caite, breathnóimid siar agus beidh aifeála orainn go ndearnadh an cinneadh seo agus nár thóg muid mar ionadaithe pobail seasamh ar an gceist.

Luadh an cheist maidir le redeployment. Níl aon mhúinteoir atá ag múineadh i scoil Ghaeltacht ag iarraidh taistil leis na socruithe atá ann faoi láthair maidir leis an bpainéal. Nuair a chailltear post sa scoil aige, níl sé ag iarraidh dul ag múineadh i scoil Bhéarla. B’fhearr leis an saineolas agus an taithí atá aige a roinnt le scoileanna sa Ghaeltacht. Beidh an saineolas agus an taithí sin caillte.

Chuir an Teachta McConalogue cén fáth go raibh an cóimheas níos fabhraí ann. Is chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ag scoileanna Gaeltachta nach bhfuil ag scoileanna eile. Tá clár bán luach €2,500 as chuile sheomra ranga i chuile scoil Ghaeltachta faoi láthair. An t-ábhar chun an clár bán sin a úsáid, go dtí an leibhéal is airde, níl sé ann, níl sé ar fáil.

Níl tástálacha síceolaíocha ann trí Ghaeilge fós, níl tástálacha caighdeánach teiripe urlabhra ann fós, níl slat tomhais ann chun deacrachtaí foghlama atá ag páistí na Gaeltachta trí Ghaeilge ann chun iad a mheas.

Sin an fáth go raibh an cóimheas níos fabhraí ann. Tuigimid go dúirt an tUas Loftus go raibh níos mó airgid ann agus go raibh an Roinn ag iarraidh buntáiste a thabhairt dúinn ach cén méid sábháilte atá déanta?

Tá scoileanna atá ag cailleadh múinteoirí. Níl aon chur chuige córasach ann. There is nó procedure or process of engagement with the schools. Fágtar faoi na scoileanna é. Má chailleann scoil oide, gheobhaidh na múinteoirí amach tríd an staffing schedule, ní bhfaighidh an scoil litir ón Roinn le rá go bhfuil múinteoir le cailleadh. Tá sin an-deacair ar scoileanna.

Táimid ag caint ar na scoileanna is láidre ó thaobh na Gaeilge go náisiúnta sa tír. Beidh scoileanna dúnta - scoileanna aon-oide, sé an t-aon bhóthar atá rompu ná dúnadh. Ní inniu, inné nó amárach a fheicfimid é sin ach i gceann cúpla bliain eile. Táimid ag iarraidh dul i gcion ar an choiste inniu próiseas comhairliúchán a chur ar bun leis an Roinn Oideachais agus Scileanna faoi na ceisteanna seo, níos luaithe seachas níos deireanaí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.