Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 29 May 2013

Joint Oireachtas Committee on Education and Social Protection

Pupil-Teacher Ratio in Gaeltacht Schools: Discussion

2:15 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as ucht an cur i láthair. Bhí sé thar a bheith suimiúil. Is breá an rud é go bhfuil ár gcuairteoirí anseo. Tá a fhios agam go raibh siad píosa fada ag fanacht go mbeadh an lá seo againn.

Tá imní orm nach bhfeiceann an Roinn Oideachais agus Scileanna aon difríocht idir scoil beag tuaithe sa Ghalltacht agus scoil beag tuaithe sa Ghaeltacht. Tháinig an bunfhadhb nuair a d'athraigh an cóimheas daltaí le múinteoir. Baineadh ó na scoileanna Gaeltachta an t-aitheantas breise a bhí ann dóibh. Chuir sé sin amach an teachtaireacht nach bhfeictear difríocht dá laghad idir an mhúinteoireacht atá ar bun i scoil i dtuaisceart Chonamara atá ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla agus scoil i ndeisceart Chonamara atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge. Sílim go bhfuil an bunfhadhb sin feiceálach i bpolasaithe éagsúla ón Roinn Oideachais agus Scileanna ar leibhéil éagsúla; mar shampla, nuair a baineadh an deontas de na hábhair oidí a bhíodh ag dul go dtí an Ghaeltacht.

Nuair a bhí na grúpaí éagsúla ag teacht go dtí an cruinniú inniu, thuig siad go raibh orthu obair bhreise a dhéanamh mar gheall go mbeadh an cruinniú ar siúl trí mhéan na Gaeilge. Tá mé ag labhairt leo i nGaeilge faoi láthair. Caithfidh grúpaí níos mó oibre a dhéanamh nuair atá siad ag smaoineamh níos mó agus nuair atá níos mó réamhullmhúcháin le déanamh. Is mar a gcéanna atá sé i gcás na múinteoirí a fheidhmíonn sna scoileanna Gaeltachta. Nuair a labhair mé le grúpa ábhair oidí a bhí ar an gCeathrú Rua aimsir na Cásca - bhí 200 duine atá ag dul leis an mbunmhúinteoireacht ann - d'iarr mé orthu cé acu a mheas go bhfuil sé níos éasca múineadh i mbunscoil atá ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla ná i mbunscoil atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge. Chuir 99% dóibh a lámha suas chun a léiriú gur dóigh leo go bhfuil sé níos éasca obair i mbunscoil a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla. Nuair a d'iarr mé orthu cén fáth, dúirt said go bhfuil an méid sin áiseanna teagaisc agus ábhair tacaíochta, srl., i mBéarla ar an Idirlíon nach bhfuil leath an oiread obair le déanamh acu nuair atá siad ag ullmhú ranganna roimh ré. Nuair atá siad ag múineadh trí mhéan na Gaeilge, caithfidh said a gcuid stuif féin a chur le chéile. Tá uaireanta breise oibre i gceist.

Is léir ón mbunchoincheap sin go gcaithfidh an Roinn Oideachais agus Scileanna an sean-cóimheas a thabhairt ar ais. Tuigim agus glacaim leis nach bhfuil á dhéanamh ag an triúr fheidhmeannaigh atá i láthair ach polasaí an Rialtais a chur i bhfeidhm, ach impím orthu teachtaireacht ar an méid atá ráite agam a thabhairt ar ais go dtí an Roinn. Is dóigh liom go bhfuil dá pholasaí Stáit ag troid le chéile anseo. Tuigim cén fáth go mbeadh an Roinn Oideachais agus Scileanna ag iarraidh caitheamh le gach duine mar a chéile ar fud na tíre. Tá siad ag iarraidh polasaí oideachais a bheadh cothrom do gach scoil a chur in áit. Is é an bunphointe atá anseo ná go bhfuil riachtanais faoi leith ag scoileanna Gaeltachta. Bhí aitheantas breise acu ach tá an t-aitheantas sin tógtha uathu. Tá sé iontach tábhachtach an t-aitheantas sin a thabhairt ar ais i bhfoirm an cóimheas daltaí le múinteoir agus i bhfoirm na tacaíochtaí breise.

Ba mhaith liom díriú ar chuid eile de na pointí eagsúla eile a ardaíodh. Cén sábháilt atá déanta ag an Roinn, i ndáiríre, ó thaobh an sé phost atá caillte? De réir mo thuisceana, tá na postanna á cailleadh sna scoileanna is faide siar. Ní raibh an Roinn in ann cuid de na múinteoirí a bhí ar an bpainéal a bhogadh go dtí scoileanna eile sa cheantar, mar bheidís ag dul níos faide ná mar atá ceadaithe de réir rialacha an phainéil. Coinníodh cuid de na daoine sin sa cheantar mar gheall ar an gcóras painéala. Dúirt Hubert Loftus gur cailleadh sé phost i mbliana agus go bhfuil ceithre phost - nó b'fhéidir ceann nó dhó sa bhreis - le cailleadh sa bhliain atá ag teacht. Is beag é sin i gcomhthéacs buiséad iomlán na Roinne Oideachais agus Scileanna, ach is mór é i gcomhthéasc caomhnú scoileanna Gaeltachta. Beidh impleachtaí i bhfad níos mó i gceist má thiteann an tóin as na scoileanna Gaeltachta. Sílim gurb é sin an pointe a rinne Anna Ní Chartúir, agus rinne sí go maith é. Táimid ag brath ar na scoileanna Gaeltachta seo le ábhair oidí, aturnaetha, Teachtaí Dála agus Státseirbhísigh le Gaeilge a theagasc. Is é sin an tobar as a dtiocfaidh cuid mhaith de na dreamanna seo. Táimid ar brath orthu freisin chun eiseamláir a thabhairt do na Gaelgóirí taobh amuigh den Ghaeltacht, atá ag iarraidh teacht ar phobal a bhíonn ag labhairt na Gaeilge ó lá go lá.

Tá mé ag cabhrú leis na finnéithe chun an t-aitheantas breise seo a fháil do na scoileanna Gaeltachta os rud é go bhfuil dualgais sa bhreis i gceist. Mar atá ráite, tá obair bhreise ar na scoileanna seo de réir an Acht Oideachais 1998. Tá na dualgais bhreise seo leagtha amach sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge freisin. I gcead do Treasa Kirk, tá na staidéirí seo - ó thaobh ráitis Rialtais, an staidéar cuimsitheach teangeolaíoch agus an staidéar a déanadh ar na scoileanna beaga Gaeltachta, srl. - ag teacht amach as ár gcuid cluasa. Tá an saineolas idirnáisiúnta léite agus pléite. Tá a fhios againn go bhfuil difríochtaí suntasacha ann ó thaobh na scoileanna Gaeltachta. Tá sé in am don Rialtas an t-aitheantas sin a thabhairt ar ais do na scoileanna Gaeltachta. Tá dualgas breise pobail le bheith ar na scoileanna i gcomhthéacs na straitéise 20 bliain. Níl sé soiléir céard a bheidh i gceist ansin.

Tá mé i mo chónaí ar an gCeathrú Rua. Tá sé ráite leis an gcomharchumann áitiúil go mbeidh orthu plean teanga a dhéanamh i gcomhar leis na scoileanna áitiúla. Glacaim leis go bhfuil sé i gceist go mbeidh ról ag an dá bunscoil áitiúla sa phleanáil sin. Is obair breise é sin, agus obair an-mhór ó thaobh na scoileanna de. Cén chaoi a bheidh orthu an ról sin a imirt taobh istigh den straitéis 20 bliain?

Bhí cúpla rud eile luaite sa straitéis ó thaobh oiliúnt muinteoirí. Bhí sé i gceist go mbeadh ionad oiliúna iomlán-Gaelach le haghaidh múinteoirí bhunscoile ann. Níl a fhios agam cá bhfuil an moladh sin imithe. An bhfuil ceist ar bith faoi? Bhí sé i gceist go mbeadh socruithe maidir le cláracha breise oideachais d'ábhair múinteoirí. Cá bhfuil siad sin? Tá imní orainn sa chomhthéacs seo. Tá a fhios againn cad a tharla i réimse an leighis, mar shampla. Tá sé i bhfad níos deacra dochtúirí le Gaeilge a mhealladh go dtí ceantair Gaeltachta. I gcás Gaeltacht Chonamara, mar shampla, táimid ag iarraidh orthu dul go dtí ceantair tuaithe atá i bhfad siar ó cathair na Gaillimhe agus feidhmiú i bpobal atá casta ó thaobh na sláinte de. Baineann na ceisteanna céanna leis na múinteoirí. Tá sé an-deacair múinteoirí óga a mhealladh go dtí na scoileanna Gaeltachta. B'fhéadir nach dteastaíonn uathu bheith siar chomh fada sin i gceantar tuaithe. Chomh maith le sin, b'fhéidir go mbeidh imní orthu nach bhfuil a gcuid Gaeilge maith a dhóthain chun na hábhair éagsúla a múineadh trí mheán na Gaeilge. Mar a dúradh níos luaithe, má tá ceithre rang acu i scoil beag, caithfidh siad an 12 ábhar atá ar an gcuraclam a múineadh go dtí gach ceann acu. Má tá rogha acu idir é sin a dhéanamh agus rang a cúig a thógáil i gcathair na Gaillimhe agus a bheith saor ag a 3 a chlog gach tráthnóna gan breis ullmhúcháin a bheith le déanamh acu, déanfaidh siad an rogha is simplí. Beidh sé i bhfad níos deacra na múinteoirí a mhealladh le fanacht sa Ghaeltacht.

Ní cheart dearmad a dhéanamh, go háirithe ó thaobh na Gaeltachta de, go gcónaíonn cuid mhaith de na múinteoirí seo sa phobal. Tá ról an-tábhachtach ag daoine a chónaíonn i measc an phobail; mar shampla, bíonn baint acu le cumainn GAA, cumainn ceoil agus cumainn spóirt. Bíónn siad ag plé le i bhfad níos mó réimsí an phobail. Sílim gur cheart don Roinn dul ar ais agus aitheantas faoi leith a thabhairt don Ghaeltacht arís. Tá Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta tar éis é sin a rá. Cuireadh aighneachtaí ar aghaidh chuig an Roinn Oideachais agus Scileanna maidir leis an straitéis 20 bliain. Ghlac chuile pháirtí leis an straitéis sin, rud a bhí an-neamhghnách. Bhí gach páirtí aontaithe faoi sin. Bhí na Ranna aontaithe faoi. Déanadh aighneachtaí faoin straitéis. Bhí deis ag gach éinne, agus tá an plean ann anois. Muna dtacaíonn oifigigh na Roinne leis an gcéad dá éileamh, ach go háirithe, agus an tríú ceann, beidh siad ag dul siar ar an rud a aontaíodh cheana. Impím orthu agus impím ar an Aire éisteacht leis an gcás atá déanta inniu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.