Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 29 May 2013

Joint Oireachtas Committee on Education and Social Protection

Pupil-Teacher Ratio in Gaeltacht Schools: Discussion

1:20 pm

Ms Anna Ní Chartúir:

Is cúis bhróid agus áthais dom bheith anseo os comhair an choiste chun cás a dhéanamh ar son scoileanna Gaeltachta. Tá mé mar mhúinteoir agus mar phríomhoide i gceann de na scoileanna seo. Sílim gur féidir liom a rá go bhfuil dea-thoil ag an tír seo don Ghaeilge.

Tá sé léirithe go minic ag baill an choiste go bhfuil dea-thoil acu don Ghaeilge freisin. Deireann siad linn é sna meáin agus ar an teilifís. Bhí sé sin an-soiléir nuair a fuair an straitéis 20 bliain don Ghaeilge tacaíocht traspháirtí. Bhí sé soiléir freisin sa taighde éagsúil a dhéanadh, mar shampla an staidéar cuimsitheach teangeolaíoch agus an tuarascáil ar staid reatha na scoileanna Gaeltachta. Tá a fhios againn go bhfuil dea-thoil ag an bpobal don Ghaeilge. Tá sé sin soiléir. Táimid ar fad ar an eolas faoi sin. Tá tráth na cinniúna buailte linn, áfach. Tá sé thar am againn anois beart a dhéanamh de réir ár mbriathar.

Tá mise anseo chun plé a dhéanamh leis an gcoiste faoin tionchar atá ag na ciorruithe a fógraíodh i mbuiséid 2011 ar scoileanna na Gaeltachta. Mar a luaigh Treasa Ní Mhainín níos luaithe, tá 142 bunscoil Gaeltachta ann as 3,200 bunscoil go náisiúnta. Táimid ag caint faoi na scoileanna is láidre ó thaobh na Gaeilge de sa tír ar fad. Tarlaíonn sé go bhfuil na scoileanna sin sna ceantair Gaeltachta. Is scoileanna náisiúnta iad - is figiúr náisiúnta atá ann. Cuireann an 142 scoil seo oideachais ar fáil, go huile agus go hiomlán trí mheán na Gaeilge, do na gasúir a thagann isteach an doras. Tá Gaeilge ón gcliabhán ag céatadán áirithe dóibh sin. I scoileanna atá i gcatagóir A, labhrann 70% den phobal an Ghaeilge go laethúil. I scoileanna atá i gcatagóir B, labhrann idir 44% agus 70% den phobal an Ghaeilge go laethúil. Tá scoileanna sa chatagóir ina labhrann níos lú ná 44% den phobal an Ghaeilge go laethúil. Is uirlis í an Ghaeilge do na daoine seo lena gcuid oideachais a fháil. Mairíonn siad saol beo beithíoch trí mheán na Gaeilge. Labhrann siad an Ghaeilge ar scoil ar maidin agus sa tráthnóna. Ní uirlis oideachais amháin atá sa Ghaeilge do na gasúir seo.

Faraoir, tá na ceantair Gaeltachta agus, dá réir, na scoileanna sna ceantair seo á mbánú le roinnt blianta anuas, go háirithe ó fógraíodh na ciorruithe seo i mbuiséad 2011. Ní cheart go ndéanfaimís dearmad go mbaineann tábhacht ar leith don Ghaeilge agus don náisiún leis na scoileanna sna ceantair seo. Táimid ag brath ar na scoileanna seo leis an nGaeilge a thabhairt don chéad glúin eile sa Ghaeltacht. Táimid ag brath orthu freisin le múinteoirí ar ardchaighdeán Ghaeilge a chur ar fáil do scoileanna na tíre. Gheobhaidh éinne a shiúlann isteach in aon ghaelscoil sa tír amach go bhfuil roinnt múinteoirí le cúlra Gaeltachta ag múineadh ann. Táimid ag brath ar bunscoileanna na Gaeltachta le daoine óga le ardchaighdéan oideachais trí mheán na Gaeilge a chur ar aghaidh go dí an tríú leibhéal ionas go mbeidh siad ar fáil faoi dheireadh i réimsí éagsúla den tsaol, ina measc an dlí, an leigheas, na meáin, an teilifís, an iriseoireacht agus an eacnamaíocht. Muna gcuireann scoileanna na Gaeltachta daoine leis an ardchaighdéan seo i nGaeilge ar fáil, ní bheidh siad ann. Cén toradh a bheidh aige sin ar an straitéis 20 bliain don Ghaeilge?

Níos mó ná riamh i stair na tíre seo, tá tábhacht ar leith ag baint le féiniúlacht agus mórtas cine a bheith againn, agus iad a bheith chun cinn sa saol polaitiúil agus sa saol poiblí. Tá ár dteanga náisiúnta - an Ghaeilge - fite fuaite leis sin agus tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh. Cén toradh go díreach a bheidh ar chiorruithe an bhuiséad ar na scoileanna Gaeltachta? Go gearrthréimhseach, beidh scoileanna aon-oide le múinteoir amháin againn sna ceantair is láidre Gaeltachta - na ceantair ina labhrann 70% den phobal an Ghaeilge chuile lá. An bhfuil tuismitheoirí ag iarraidh go mbeidh a leanaí ag dul go dtí scoil aon-oide, nó ab fhearr leo go mbeadh a leanaí ag dul go dtí scoil le níos mó oidí? Má dhúntar na scoileanna seo, beidh na ceantair seo thíos leis. Ná bíodh aon amhras orainn go ndúnfar scoileanna sna ceantair is láidre Gaeltachta mar thoradh ar chiorruithe an bhuiséad. Níl aon phlean ann agus níl aon treoir ón Roinn Oideachais agus Scileanna maidir leis an ngéarchéim ina bhfuilimid.

Maidir leis an scoileanna le triúr nó ceathrar oide, is é an toradh a bheidh ar chiorruithe an bhuiséad ná go mbeidh ranganna níos mó á múineadh ag múinteoirí. Tá 12 ábhar sa churaclam bunscoile. Má tá ceithre rang faoi chúram aon mhúinteoir amháin, beidh ar an múinteoir sin díriú ar 48 ábhar curaclam in aon seachtain amháin. Tá sé beagnach dodhéanta. Má tá rang níos mó ag an múinteoir sin, beidh níos lú ama aige nó aici chun é sin a dhéanamh. Níl na foghlaimeorí go léir sa Ghaeltacht ar an gcaighdeán céanna lena chéile. Tá a fhios againn ar fad go bhfuil réimsí éagsúla teanga sna scoileanna Gaeltachta. Beidh níos mó brú ar an teanga - ar an nGaeilge - i scoileanna níos mó mar go mbeidh meascán níos mó de chainteoirí dúchais agus de fhoglaimeoirí Gaeilge le chéile. Tá a fhios againn ón dtaighde a rinne Tina Hickey agus ón dtaighde a rinneadh go hidirnáisiúnta go bhfaigheann an mórtheanga an ceann in uachtar nuair a bhíonn mionteanga agus mórtheanga meascaithe le chéile. I gcás na scoileanna Gaeltachta, tá an-seans agus baol án-láidir ann go bhfaighfidh an Béarla an ceann is fearr.

Go dtí seo, bhí figiúrí cóimheasa níos fábhracha ag scoileanna Gaeltachta. Bhí figiúrí níos ísle acu i gcomparáid leis an gcuid eile den tír. Bhí an Roinn Oideachais agus Scileanna sásta iad a chur ar fáil dúinn. Chabhraigh siad linn dul i ngleic leis na dúshláin eile a bhí againn - an easpa áiseanna teagaisc trí mhéan na Gaeilge a bhí againn, an easpa seirbhísí tacaíochta a bhí againn, an easpa scrúdaithe caighdeánach a bhí againn agus an easpa tástálacha caighdeánach a bhí againn chur seirbhísí urlabhraíochta agus seirbhísí tacaíochta siceolaíochta a chur ar fáil do ghasúir na Gaeltachta. Chabhraigh an cóimheas fábhrach sin linn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin. Sílim gur éirigh go maith linn. Níl aon taighde go bhfios dom amuigh ansin a léiríonn go mbaineann gasúir i scoileanna beaga oideachas ar chaighdeán níos ísle ná gasúir i scoileanna móra.

Is iad sin na dúshláin a bhí againn. Beidh siad i bhfad níos tréine agus i bhfad níos treise de bharr ciorruithe an bhuiséad. Impím ar baill an choiste beart a dhéanamh de réir a mbunbhriathar agus pé cumhacht atá acu a úsáid chun na ciorruithe sin a chur i leataobh agus deis a thabhairt dúinn agus don Roinn Oideachais agus Scileanna suí síos i gcomhthéacs an athbhreithnithe atá fógraithe acu agus an cheist seo - an tionchar a bheidh ag na corruithe ar an nGaeilge agus ar an náisiún - a phlé. Críochnóidh mé le roinnt ceisteanna a chur. Cé mhéad airgid a shábhálfar i ndáiríre trí mhúinteoirí atá ag múineadh trí mheán na Gaeilge a bhaint amach ó scoileanna Gaeltachta? Cén tionchar a bheidh aige sin ar ár gcuid scoileanna? An féidir linn luach airgid a chur ar ár n-oidhreacht agus ár dteanga náisiúnta?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.