Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 29 May 2013

Joint Oireachtas Committee on Education and Social Protection

Pupil-Teacher Ratio in Gaeltacht Schools: Discussion

1:15 pm

Ms Treasa Ní Mhainín:

Críochnóidh mé go tapaidh mar sin. Léiríonn an léarscáil ar leathanach 5 na ceantair éagsúla Gaeltachta. Baineann catagóir A leis na háiteanna ina bhfuil os cionn 67% den phobal fós ag úsáid na Gaeilge ar bhonn laethúil. Is iad na pócaí is lú Gaeltachta atá i gceist i gcatagóir A. Is é catagóir C an catagóir is mó ar fad. Ta mé ag iarraidh a léiriú don choiste nach bhfuil fágtha ach 39 scoil i gcatagóir A sna Gaeltachtaí ar fud na tíre. Tá 12 scoil i gcatagóir B agus 82 scoil i gcatagóir C - na ceantair is laige Gaeltachta. Ba mhaith liom brú ar aghaidh agus trí moladh a chur faoi bhráid an chomhchoiste inniu. Táimid ag lorg bhur dtacaíocht i leith na moltaí.

Ar an gcéad dul síos, táimid ag moladh go ndéanfar cinneadh bhuiséid 2012 maidir le hardú uimhreacha ceapacháin múinteoirí do scoileanna bheaga Gaeltachta a aistarraingt láithreach chun a chinntiú nach bhfuil sé ag teacht salach ar mholtaí na straitéise 20 bliain don Ghaeilge agus go dtí go mbeidh plean oideachais Gaeltachta agus polasaí ullmhaithe ag leibhéal an Stáit, agus á ghlacadh san áireamh sa phleanáil teanga atá le déanamh i ngach ceantar Gaeltachta.

Ar an dara dul síos, ba mhaith linn go n-ullmhófar polasaí oideachais Ghaeltachta, a fheidhmeoidh mar threoir do scoileanna na Gaeltachta agus do na páirtithe leasmhara oideachais eile agus iad ag forfheidhmiú polasaí agus straitéis an Rialtais i leith na Gaeltachta, ar bhonn práinne.

Ar an tríú dul síos, i gcomhthéacs struchtúr oideachais don Ghaeltacht, táimid ag moladh go mbunófar bord nó údarás faoi leith a bheadh freagrach as pleanáil straitéiseach agus as forbairt inniúlachta an chórais oideachais Ghaeltachta i gcoitinne. Bheadh sé seo an-éasca le déanamh ó tharla go bhfuil COGG ann cheana féin agus obair an-mhaith ar siúl acu. Tá meas agus muinín ag na scoileanna Gaeltachta agus na gaelscoileanna ar fud na tíre ar COGG de bharr na hoibre iontach atá déanta acu ó bunaíodh iad roinnt blianta o shin. D’fheadfadh COGG feidhmiú mar údarás oideachais don Ghaeltacht agus don ghaelscolaíocht. Ní bheadh ag teastáil ach go mbeadh an Rialtas sásta na cumhachtaí breise sin a thabhairt dóibh agus acmhainní riachtanacha a chur ar fáil.

Críochnaíonn sé sin an méid atá le rá agam. Creidim go bhfuil focal nó dhó le rá ag Anna Ní Chartúir, más féidir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.