Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 29 May 2013

Joint Oireachtas Committee on Education and Social Protection

Pupil-Teacher Ratio in Gaeltacht Schools: Discussion

1:05 pm

Ms Treasa Ní Mhainín:

A Chathaoirligh, a Teachtaí Dála agus a Sheanadóirí, gabhaim buíochas libh as ucht an cuireadh anseo inniu chun cur i láthair a dhéanamh ar thionchar bhuiséad 2012 ar uimhreacha ceapacháin na múinteoirí ranga i mbunscoileanna beaga Gaeltachta. Ba mhaith liom a mheabhrú go bhfuil an cur i láthair seo as Gaeilge, mar a chuir Cathaoirleach an chomhchoiste in iúl. Tá leagan Béarla den chur i láthair faighte ag comhaltaí an choiste. Tá sé ar fáil ó leathanach 8 den cháipéis.

Ba mhian liom aird an choiste a dhíriú ar trí phointe ar leith inniu. Rachfaidh mé tríothu tapaidh go maith. Ní maith liom iomarca ama a chaitheamh leis an méid ata scríofa cheana féin. Tá sé i gceist agam labhairt faoi trí phointe: na dualgais reachtúla atá ar na scoileanna Gaeltachta faoin Acht Oideachais 1998, straitéis 20 bliain don Ghaeilge 2010-30 agus tionchar buiséid 2012 ar scoileanna beaga Gaeltachta.

Faoin Acht Oideachais 1998, tá dualgais reachtúla ar leith ar na scoileanna Gaeltachta nach bhfuil ar aon scoil eile sa tír. Caithfidh siad a chinntiú go maireann an Ghaeilge mar teanga na scoile agus mar teanga an phobail ina bhfuil an scoil lonnaithe. Tá cur síos ar leathanach 3 den leagan Gaeilge d'ár gcáipéis ar chuspóirí an Achta, leagtha amach i ndá mhír ar leith, a chuireann dualgais reachtúla ar na scoileanna Gaeltachta. De réir mír 6(i), caithfidh na scoileanna "cuidiú le réadú beartas agus cuspóirí náisiúnta i ndáil le leathadh an dátheangachais i sochaí na hÉireann agus go háirithe go mbainfí úsáid níos mó as an nGaeilge ar scoil agus sa phobal". Baineann an dualgas reachtúil seo le gach scoil sa tír. Tá míniú faoi leith leis an dualgas áirithe sin i gcomhthéacs na scoileanna Gaeltachta, áfach, ag glacadh san áireamh go mbíonn orthu déileáil le go leor beartais náisiúnta agus straitéisí, srl. De réir mír 6(j), a bhaineann go sonrach leis na scoileanna Gaeltachta, tá dualgas reachtúla orthu, faoi chuspóirí an Achta, "cuidiú leis an nGaeilge a choinneáil mar phríomhtheanga an phobail i limistéir Ghaeltachta". De réir mír 9(h), a bhaineann le feidhmeanna na scoile faoin Acht, "i gcás scoileanna atá lonnaithe i limistéar Gaeltachta [tá sé de dhualgas orthu] cuidiú leis an nGaeilge a choinneáil mar phríomhtheanga an phobail". Tá na dualgais reachtúla atá ar na scoileanna Gaeltachta i ndubh agus i mbán laistigh den Acht Oideachais 1998.

Bogfaidh mé ar aghaidh go dtí an straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Go bunúsach, chun feidhm a thabhairt don straitéis, ní mór go gcuirfear na tacaíochtaí cuí ar fáil don chóras oideachais Ghaeltachta a chuirfidh ar chumas na scoileanna agus na bpáirtithe leasmhara eile sa chóras sin, a dheimhniú go mbeidh buanú na Gaeilge sa Ghaeltacht mar thoradh ar a gcuid gníomhaíochtaí oideachais. Chuige seo, molaimid gur cheart plean oideachais idirghabhálach chuimsitheach a dhréachtú don oideachas Gaeltachta ó réimse na réamhscolaíochta ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal agus d'oiliúint mhúinteoirí. Tuigimid go bhfuil an coiste ard-leibhéal atá bunaithe faoin straitéis 20 bliain ag plé le ullmhú plean polasaí oideachais Gaeltachta faoi láthair. I ndáiríre, caithfear é seo a bhrostú ar aghaidh. Tiocfaidh mé ar ais chuige seo ag deireadh mo chuid cainte. Faoi láthair, faoin straitéis 20 bliain, tá plean teanga le hullmhú i ngach pobal Gaeltachta. Mar chuid den phlean teanga seo, táthar ag súil go mbeidh ról lárnach ag na scoileanna Gaeltachta laistigh de na pobail, agus ag glacadh san áireamh na dualgais reachtúla atá ar na scoileanna féin. Conas gur féidir le scoileanna páirt lárnach a ghlacadh in aon saghas pleanáil teanga nuair nach bhfuil treoir shoiléir le fáil ón Roinn Oideachais agus Scileanna?

Bogfaidh mé ar aghaidh go dtí tionchar na harduithe a rinneadh ar na huimhreacha ceapacháin agus coimeádta do na scoileanna beaga Gaeltachta. Fógraíodh sa bhliain 2011 go raibh grúpa ardleibhéil chun tabhairt faoi athbhreithniú ar luach ar airgid na scoileanna beaga. Fáiltíodh go fíor-chroíflaithiúil roimh an athbhreithniú seo ag an am. Níl torthaí an VFM, mar a tugtar air, fós ar fáil. Níl tuairim againn cén luach ar airgid atáthar ag sábhail trí bhrú cónascadh a chur ar scoileanna beaga Gaeltachta. Fáiltímid go mór roimh an ráiteas a dhein Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais agus Scileanna an tseachtain seo caite, go bhfuil athbhreithniú le déanamh ar an oideachas Gaeltachta i gcomhthéacs na cúinsí teangeolaíochta éagsúla. Is iontach go deo an rud go bhfuil an Roinn ag tabhairt faoin athbhreithniú seo. Níl a fhios againn go fóill céard iad na téarmaí tagartha a bheidh i gceist. Is dócha nach féidir linn aon bhreithiúnas a thabhairt ar cad go díreach a bheidh i gceist go dtí go mbeidh na téarmaí tagartha againn.

Is scoileanna Gaeltachta iad thart ar 4% de líon iomlán bunscoileanna na tíre seo. Tá 3,200 bunscoil sa tír ag an bpointe seo agus is scoileanna Gaeltachta iad 142 dóibh. Tá ceathrar oide nó níos lú ag 78% de na scoileanna Gaeltachta seo. Iarraim ar bhaill an choiste an staitistic sin a choimeád ina n-aigní. Ba mhaith liom dul ar ais go dtí na hardaithe a fógraíodh agus aird an choiste a dhíriú ar leathanach 15 and leathanach 16 den chur i láthair. Leagann an tábla ar leathanach 15 amach an sceideal ceapacháin a fógraíodh le haghaidh an scoilbhliain 2011-12. Tá mé ag díriú go háirithe ar na colúin sa tábla a bhaineann le scoileanna Gaeltachta le ceathrar oide nó níos lú. Is féidir na huimhreacha ceapacháin agus coimeádta - appointment and retention numbers - a fheiceáil. I gcás scoil le príomhoide agus múinteoir amháin, is é 12 an uimhir ceapacháin agus is é 12 an uimhir coimeádta. I gcás scoil le príomhoide agus beirt mhúinteoir, is é 49 an uimhir sa dá chás. Is gcás scoil le príomhoide agus triúr múinteoirí, is é 81 an uimhir ceapacháin agus is é 76 an uimhir coimeádta.

Tabharfaidh na comhaltaí faoi deara ar an gcolún deireanach, ar taobh na láimhe deise, go raibh buntáiste faoi leith ag scoileanna Gaeltachta roimhe seo. Má théann siad ar aghaidh go dtí leathanach 16, feicfidh siad na hathruithe a tháinig i bhfeidhm tar éis an buiséad a fhógraíodh i mí na Nollag 2011. Feictear ar an gcolún ar taobh na láimhe deise arís gur tháinig ardú de bheirt dhalta ar na huimhreacha a bhaineann le scoileanna le príomhoide agus múinteoir amháin agus scoileanna le príomhoide agus beirt mhúinteoir. I gcás scoileanna le príomhoide agus triúr múinteoirí, tháinig ardú de bheirt dhalta ar an uimhir ceapacháin agus ardú de seachtar páiste ar an uimhir coimeádta. Ní fios dúinn go dtí an lá atá inniu ann cén fáth a rinneadh an t-athrú ollmhór sin, tar éis seachtar páiste. Ní bhfuaireamar freagra sásúil go fóill. B'fhéidir go bhfaighimid inniu é - ní bheadh a fhios agat. I ndáiríre, cuireann na hathruithe sin isteach go mór ar go leor scoileanna Gaeltachta. Sa bhreis ar sin, tá sé leagtha amach ag bun an tábla go n-ardófar an uimhir sin go dtí 86 i gceann dhá bhliain eile. Ina iomlán, beidh ardú iomlán de ochtar páistí i gceist.

Níl sé sásúil gur tháinig árdú chomh mór sin - ceathrar oide - i bhfeidhm do na scoileanna. Níor glacadh san áireamh sa chinneadh seo - ó thaobh na hardaithe - go bhfuil suíomh éagsúil teangeolaíoch laistigh de gach limistéir Gaeltachta. Aithníodh na ceantair seo sa staidéar chuimsitheach teangeolaíoch. Tá na ceantair Gaeltachta éagsúla agus na catagóirí Gaeltachta soiléir ar an mapa ar leathanach 5 sa leagan Gaeilge d'ár gcáipéis. Tá an píosa is duibhe-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.