Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 13 March 2013

Joint Oireachtas Committee on Education and Social Protection

Delivering Third Level Education Online: Discussion with Hibernia College and Schoolbag

2:05 pm

Ms Anna Davitt:

Freagróidh mé an cheist trí mheán na Gaeilge. Is trua nach bhfuil an Seanadóir anseo ach d'fhoilsigh muid aiseolas faoin méid mic léinn ó Choláiste Hibernia atá ag obair. Chuir sé ceist freisin faoin nGaeilge i gcoitinne sa choláiste, agus an ról atá ag an teanga.

Táimse ag déileáil go sonrach leis an gclár don bhunscolaíocht. Na mic léinn a thagann isteach, déanann siad agallamh trí mheán na Gaeilge chun áit a fháil ar an gcúrsa bunscoile. Reachtálann an coláiste agallamh trí mheán an Bhéarla agus agallamh trí Ghaeilge chomh maith. Leis na daoine is oilte agus is cumasaí a aimsiú le teacht isteach agus tús a chur leis an gcúrsa, tá riachtanais iontrála ann don chúrsa agus tá sé tábhachtach go bhfuil an leibhéal cumarsáide ag na daoine a thagann isteach.

Déanann na mic léinn ar fad staidéar ar an nGaeilge acadúil, ar an bhfilíocht agus ar an litríocht i léachtaí agus ranganna teagaisc ar-líne. Tagann siad le chéile mar phobal beag ar-líne timpeall na tíre. Chomh maith leis tá gné "ar an láthair" ann freisin. Caitheann siad trí lá iomlán le chéile mar chuid den mhodúl sin. Tá gné láidir "aghaidh le haghaidh" i gceist leis an modúl seo go háirithe toisc gur teanga atá i gceist agus go bhfuil gné na cumarsáide thar a bheith tábhachtach.

Cuireadh ceist faoin gcomhthromaíocht idir ranganna ar an láthair agus ranganna ar-líne. Maidir leis an nGaeilge, caithfidh na mic léinn teacht le chéile sna hionaid oideachais ar fud na tíre ach chomh maith leis sin, caitheann siad trí seachtaine sa Gaeltacht freisin. Beidh sin ag méadú anois i gceann dhá bhliain agus beidh orthu ceithre seachtaine a chaitheamh sa Ghaeltacht. Tá sin ag fás agus ag forbairt.

Déanann siad cleachtadh múinteoireachta chomh maith sna scoileanna. Sin cuid mhaith den duine le duine agus teagmháil leis na scoileanna, múinteoirí agus páistí scoile.

Maidir leis an nGaeilge go ginearálta sa choláiste, luaigh me an Ghaeilge acadúil, ach déanann mic léinn staidéar ar mhodhanna múinte na Gaeilge freisin agus caitheann siad cuid mhaith ama ar an gcuid sin den mhodúl. Tá foireann oilte againnn leis an modúl seo a chur i láthair, ar líne agus ar an láthair. Tá oiliúint á cur ar fáil againn do na teagascóirí atá againn, do mhic léinn agus do dhaoine a bhfuil spéis acu cur isteach ar ár gcúrsa ach b'fhéidir nach bhfuil an Ghaeilge chomh láidir sin acu.

Faoi láthair, tá Seachtain na Gaeilge á reachtáil againn sa choláiste. Tá an suíomh beo anois agus beidh roinnt imeachtaí á reachtáil againn. Bhunaíomar cumann Gaelach ansin le déanaí agus tá oifigigh Ghaeilge againn sna grúpaí difriúla. Beidh scoláireachtaí á mbronnadh againn amárach, scoláireachtaí Gaeltachta, ar mhic léinn. Tá an Ghaeilge ag fás agus ag forbairt sa choláiste agus tá an-béim ar an nGaeilge mar theanga bheo agus mar theanga chumarsáide. Ba mhaith linn an meon sin a thabhairt do na mic léinn le go gcuirfidh siad an Ghaeilge chun cinn go dearfach sna seomraí ranga timpeall na tíre. Is dócha gur sin an phríomhaidhm atá againn mar choláiste agus agamsa mar cheann na Gaeilge freisin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.