Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 27 November 2012

Joint Oireachtas Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht

Plé le Cathaoirleach Ainmnithe Údarás na Gaeltachta

4:55 pm

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail) | Oireachtas source

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh Anna Ní Ghallchóir. Gabhaim buíochas léi as ucht teacht isteach. Tá sé thar a bheith soiléir go bhfuil sí an-chumasach agus an-oilte. Tá mé lán-cinnte go ndéanfaidh sí sár-jab mar chathaoirleach ar Údarás na Gaeltachta. Dar ndóigh, beidh sí ag brath ar an-chuid daoine eile, ar bhaill an údaráis, ar mhuintir na Gaeltachta, ar na heagrais Gaeilge ar fud na tíre agus ar an Rialtas ó thaobh maoiniú, srl. Ní bheidh sí ina haonar. Tá súil agam go mbeidh sé ar a cumas aici an jab seo a dhéanamh. Tá mé cinnte go ndéanfaidh sí gach iarracht.

Má theipeann ar an nGaeltacht, is cinnte go mbeidh todhchaí na Gaeilge i bhfad níos laige. Glacann an-chuid daoine leis go mbeidh sé an-deacair go deo dóchas a thabhairt do dhaoine atá i bhfábhar na Gaeilge má theipeann ar an nGaeltacht. Níl mé ag caint faoi na heagrais amháin - tá mé ag caint faoi muintir na hÉireann go hiomlán agus an diaspóra chomh maith. Tá an ceart ag Anna Ní Ghallchóir go mbraitheann a lán ar fhostaíocht sa Ghaeltacht. Muna fhanann na daoine óga, go mórmhór, sa Ghaeltacht, ní bheidh an Ghaeilge ann ag an deireadh agus ní bheidh an Ghaeltacht ann freisin.

Ar an mbonn sin, ba mhaith liom cúpla ceist a chur maidir le infheistíocht. Cad é an bua is mó a bhaineann leis an nGaeltacht ó thaobh infheistíocht a mhealladh isteach? B'fhéidir nach bhfuil an Ghaeltacht cosúil le gach réigiún eile. Cad é an rud is láidre gur féidir a dhéanamh chun infheistíocht a mhealladh isteach?

Ba mhaith liom labhairt mar gheall ar an stádas agus an tábhacht a bhaineann le turasóireacht chultúrtha. Bhí mé ag smaoineamh le déanaí ar neart na Gaeilge ar fud na cruinne. Tá craobh ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann i Moscó. Yuri is ainm don rúnaí atá ar an gcraobh. Tá Béarla an-bhriste aige ach tá an Ghaeilge ar a thoil aige. Tháinig sé go dtí an tír seo trí nó ceithre bliana ó shin. Bheadh éinne an-mhórálach as, i ndáiríre, mar go bhfuil a chuid Gaeilge chomh maith sin. Bhí an-díomá air mar bhí sé ag súil go mbeadh an Ghaeilge ag gach éinne nuair a tháinig sé go dtí an tír seo. Tá fear i gCeanada, Aralt Mac Giolla Chainnigh, a bhfuil an Ghaeilge ar a thoil aige, ag iarraidh Gaeltacht a bhunú sa tír sin. Tá an-spiorad aige chomh maith.

Taispeánann na samplaí sin go bhfuil an-suim go deo sa Ghaeilge i go leor tíortha. Tá baint nó ceangailt idir an suim sin agus turasóireacht cultúrtha. Is léir ó na staitisticí i gcóir cultural tourism don tír ar fad go dtagann na mílte daoine anseo gach bliain. Nuair a bhí oifigigh ón Roinn istigh linn trí nó ceithre seachtain ó shin, chuir sé ionadh ar an-chuid daoine a fhoghlaim go bhfuil na mílte daoine fostaithe san earnáil seo. Tagann na milliúin euro ón dturasóireacht cultúrtha. An dóigh le Anna Ní Ghallchóir go bhfuil aon áit níos tábhachtaí sa tír ná an Ghaeltacht ó thaobh turasóireacht cultúrtha de? Ní hamháin go bhfuil an teanga féin i gceist, ach tá saol faoi leith agus saibhreas oidhreachta, srl., i gceist. Cad is féidir le Údarás na Gaeltachta a dhéanamh chun e sin a fhorbairt? An bhfuil na háiseanna ann chun freastal ar na sluaite atá ag teacht cheana féin?

Má thagann na sluaite, an bhfuil sí sásta go bhfuil an infreastruchtúr ann chun sin a láimhseáil, nó an bhfuil géarghá le plean cuimsitheach chun é sin a fhorbairt? Chun plean mar sin a chur i gcrích, is cinnte go mbeidh airgead ag teastáil. Muna féidir leis an údarás é sin a dhéanamh, beidh cailliúint an-mhór ann leis an seans atá ann é sin a fhorbairt.

Maidir leis an tábhacht a bhaineann leis an údarás anois ó thaobh na Gaeltachta de, bhí díospóireacht bhreá againn ar sin. Is minic freisin a bhí díospóireacht againn maidir leis an straitéis 20 bliain anseo agus táimid ag brath go mór ar an straitéis chun torthaí áirithe atá leagtha síos sa straitéis a bhaint amach. Is cinnte go bhfuil an Ghaeltacht lárnach sa straitéis, mar ní bheidh ar ár gcumas na mílte daoine breise ó thaobh labhairt na Gaeilge a fháil muna bhfuil an Ghaeltacht ann. Aontaím go mór leis an Teachta Flanagan maidir le cuairteannal go dtí an Ghaeltacht. Níl aon slí níos fearr chun an Ghaeilge a fhoghlaim. Má bhuaileann duine le scoláirí a théann go dtí an Ghaeltacht i rith an tsamhraidh, is beag duine díobh nach dtagann abhaile agus áthas croí air nó uirthi toisc gur bhain siad taitneamh as an saoire. Is cinnte freisin gur bhain siad tairbhe as an turas, mar go minic, ní easpa Gaeilge atá i gceist maidir le labhairt na Gaeilge ach easpa muiníne an Ghaeilge a úsáid. B'fhéidir nach raibh seans iomlán ag Iníon Uí Ghallchóir fós scrúdú a dhéanamh ar an straitéis, ach ceapaim go bhfuil an t-údarás lárnach sa straitéis. An dóigh léi go mbeidh ar chumas an údaráis pleananna a chur le chéile a bheidh indéanta chun na spriocanna atá leagtha síos sa straitéis a bhaint amach?

An rud deireannach ná na meáin cumarsáide, níl aon amhras faoi ach go bhfuil Raidió na Gaeltachta agus TG4 ag déanamh sár jab. Ceapaim gur é TG4 an stáisiún is fearr teilifíse atá againn. An bhfuil ar chumas Údarás na Gaeltachta na meáin cumarsáide eile a bhreith leo ar shlí éigin? Más féidir sin a dhéanamh, beidh tionchar an-mhór ag na meáin cumarsáide ar mheon na ndaoine. Ón méid atá ráite ag Iníon Uí Ghallchóir, tá sé soiléir go bhfuil rud den tsaghas sin i gceist aici. Nílim ag caitheamh anuas ar TG4 agus Raidió na Gaeltachta, a mhalairt ar fad, tá siad ar fheabhas, ach déarfainn go n-aontódh sí liom faoi más féidir na meáin cumarsáide lárnach eile a bhreith leí, go gcabhródh sé sin go mór leis na rudaí eile a luaigh mé, turasóireacht chultúrtha, infheistíocht agus mar sin de.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.