Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 13 November 2012

Joint Oireachtas Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht

2013 Allocations for Public Expenditure
Vote 33 - Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

4:55 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá mé tar éis a insint go bhfuil an scéim tacaíochta teaghlaigh agus scéim na gcúntóirí teanga ansin. Tá scéim tréanáil ansin do dhaoine óga idir 15 agus 17 bliana d'aois agus, ar ndóigh, tá na naíonraí ann. Is cuid é seo de chur i bhfeidhm na straitéise. Nílimid ag brú Béarla nó an teanga eile. Táimid ag brú na Gaeilge.

Mar dhuine as an nGaeltacht, tuigeann an Teachta go bhfuil sin thar a bheith tábhachtach, mar le 30 nó 40 bliain anuas tá a fhios aige cad é a tharla. Cad é a dúirt an Coimisinéir Teanga agus cad é a dúirt an suirbhé teangeolaíochta? Muna ndíreoimid isteach mar seo ar na daoine, beidh an Ghaeilge caillte sna Gaeltachtaí. Tá mé cinnte go bhfuil an tuairisc sin léite ag an Teachta é féin agus go bhfuilimid ar ais na haille, más féidir liom é a chur mar sin. Bhí baint mhor ag an Teachta leis sin ina am mar Aire, chomh maith. Bhí muid ar ais na haille. Tháinig an tuarascáil amach agus táimid ag iarraidh straitéis úr a chur i bhfeidhm sa dóigh nach dtitfimid thar an aill. Ní airgead amháin atá i gceist, ach meoin agus machnamh agus dearcadh na ndaoine.

Thóg an Teachta Ó Cuív ceist eile maidir le Coimisiún na Logainmneacha. Tugaimse creidiúint mhór do Choimisiún na Logainmneacha ar an saothar mór a cuireadh ar bhuiséad na blianta fada ó shin. Cé nach mbeidh Coimisiún na Logainmneacha ann beidh bord speisialta ansin go mbeidh saineolaithe air, agus iad ag obair pro bono agus saor in aisce.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.