Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 13 November 2012

Joint Oireachtas Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht

2013 Allocations for Public Expenditure
Vote 33 - Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

4:45 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Teachta as na ceisteanna a chuir sé. Bhain an chéad cheist le baill an údaráis. De réir an Achta, beidh 11 agus Cathaoirleach ar an údarás. Tá cúigear acu sin roghnaithe cheana féin ag na comhairlí contae ina bhfuil ceantair Gaeltachta faoina gcúram. Tá seisear eile agus Cathaoirleach le hainmniú agus beidh siadsan ainmnithe gan mhoill, taobh istigh de laethanta, ní seachtainí. Táim cinnte, cé is moite an anacra, go mbeidh said éifeachtach - beidh sé sin le feiceáil – agus go ndéanfaidh said an jab atá le déanamh acu, sé sin forbairt ar an tionsclaíocht agus ar an bhfostaíocht agus mar sin de sa Ghaeltacht. Chomh maith le sin, beidh cúram úr orthu an phleanáil teanga, agus sin an fáth go bhfuil dúil agam go mbeidh daoine a mbeidh na scileanna sin acu ar an údarás úr. Mar a dúirt mé, beidh na daoine sin ainmnithe taobh istigh de laethanta seachas seachtainí.

Bhain an chéad cheist eile leis an straitéis 20 bliain agus an t-airgead breise atá á chur ar fáil. Maidir leis an straitéis, is cuid í seo d’obair na Roinne agus de chaiteachas na Roinne ar fad. Tá cuid mhór den airgead atá á chaitheamh ag an Roinn ag dul chuig tacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí agus gluaiseachtaí sa Ghaeltacht agus d’oideachas sa Ghaeltacht. Tá siad sin go léir fite fuaite le chéile. Níl sé ar intinn an oiread seo a atheagrú. Is don straitéis é sin. Beidh tionchar ag an straitéis ní hamháin ar gach gné de chaiteachas airgid na Gaeltachta ó seo amach, ach de chaiteachas airgid Ranna eile. Beidh cuid d’airgead na Roinne Oideachais agus Scileanna dírithe isteach ar an straitéis, agus cuid d’airgead Ranna eile chomh maith. Beidh na Ranna a bhfuil feidhmeanna acu sa Ghaeltacht ag tabhairt aghaidh ar an straitéis chomh maith. Mar sin, tá buiséad iomlán sa bhliain reatha de €60 milliún á chur isteach i gcúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Tá sin go léir dírithe isteach ar an aidhm atá ag Údarás na Gaeltachta agus ag Foras na Gaeilge an straitéis a chur i bhfeidhm.

Maidir leis na hoileáin, caitheadh breis agus €5.9 milliún i mbliana ar na seirbhísí a chuirtear ar fáil do na hoileáin ar fud an chósta, oileáin Gaeltachta agus oileáin nach bhfuil sa Ghaeltacht. Téann an chuid is mó den airgead sin faoi choinne seirbhísí an-tábhachtacha a chur ar fáil do na hoileáin, seirbhísí farantóireachta, lastais agus aeir go dtí oileáin áirithe ar chósta na Gaillimhe - Inis Mór, Inis Meáin agus Inis Oírr – agus seirbhísí bus agus mar sin de ar an mórthír. Sin beagnach €6 milliún atá ar fáil. An cuspóir atá agam ná leanúint leis na seirbhísí atáimid á chur ar fáil dos na hoileáin chomh mór agus is féidir. Caithfimid gníomhú taobh istigh de na laincisí áirgid atá orainn, áfach. Táim cinnte go dtuigeann an Teachta, níos fear ná éinne eile sa seomra seo, cad iad na laincisí móra airgid atá orainn i láthair na huaire.

Tá próiseas ag dul ar aghaidh i láthair na huaire, agus tuigeann an Teachta, níos mó ná aon Teachta eile anseo, an próiseas seo. Tuigeann sé go bhfuilimid ag cur agus ag cúiteamh i láthair na huaire agus ag iarraidh oiread agus is féidir linn a fháil ón Státchiste chun oiread de na seirbhísí seo agus is féidir a chur ar fáil. Maidir leis na ceisteanna a chuir sé faoi an mbeidh seo nó siúd ar fail, beimid ábalta freagra a thabhairt ar na ceisteanna sin nuair a bheidh a fhios againn cad é an t-airgead nó cad iad na hacmhainní atáthar ag cur ar fail dúinn.

Maidir le scéim tacaíochta teaghlaigh, cuireadh an méid adúirt mé - €4 milliún – ar fail don scéim sin. Ar ndóigh, níl scéim labhairt na Gaeilge ann a thuilleadh, ach tá scéim tacaíochta teaghlaigh ann. Tá teagmháil déanta ag 300 duine leis an Roinn cheana féin, ag iarraidh eolais faoin scéím tacaíochta teaghlaigh.

Tá scéimeanna eile a bhfuil eolas ag an Teachta orthu, mar atá scéim na gcampaí samhraidh agus scéim na gcúntóirí teanga. Tá scéimeanna ansin chun tréanáil a chur ar fáil sa Ghaeltacht do dhaoine óga idir 15 and 17 bliana d'aois a bhfuil Gaeilge acu, agus beidh fáil orthu siúd fá choinne a gcuid Gaeilge a chur ar fáil dos na campaí samhraidh agus dos na coláistí Gaeilge. Táimid ag cur an-chuid airgid ar fáil, do dháilcheantar an Teachta Uí Chuív féin chomh maith. Tá scéim tacaíochta linbh agus scéim tacaíochta teaghlaigh ar bun ó Indreabhán siar go dtí an Cheathrú Rua. Beidh mé ansin i gcionn seachtaine ag déanamh rud éigin eile.

Tá na scéimeanna sin go léir dírithe isteach ar an teanga agus ar an aos óg, mar creidimse go daingean go bhfuil sé iontach tábhachtach go bhfuil an teanga ag an pháiste ón teallach agus ní ón scoil. Nuair a théann an páiste go dtí an scoil, tá an chéad teanga sealbhaithe. Sin an fáth go bhfuilimid ag díriú isteach ar scéimeanna linbh, scéimeanna réamhscolaíochta, scéimeanna naíonraí agus scéimeanna den chineál sin.

Thóg an Teachta ceist faoi Choimisiún na Logainmneacha.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.