Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 13 November 2012
Joint Oireachtas Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht
2013 Allocations for Public Expenditure
Vote 33 - Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
4:35 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Tá go leor rudaí ráite, ach an chéad cheist atá agam ná cén uair a ainmneofar bord an údaráis. Bhí an-deifir i lár an tsamhraidh an tAcht a chur tríd an Teach gan aon phlé, ach táimid ag fanacht ó shin ar cheapachán an bhoird. Céard a chiallaíonn go han-luath? Bhí an tuiscint ann nuair a haontaíodh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, d'ainneoin aon chiorruithe a bheadh le déanamh, go gcuirfí cistíocht faoi leith ar fáil leis an straitéis a chur i bhfeidhm, mar ní féidir í a chur i bhfeidhm gan cistíocht. An bhféadfadh an Aire Stáit léargas a thabhairt ar an bhfuil sé sin taobh amuigh den phróiseas seo agus an gcuirfear cistíocht breise ar fáil go lárnach le haghaidh an straitéis 20 bliain?
Dúirt an Aire Stáit go bhfuil €3 mhilliún dhá chaitheamh ar chlár tacaíochta teaghlaigh. Céard é an briseadh síos ar an gcaiteachas sin? Céard atá nua ann nach mbíodh ann agus céard a cuireadh in áit scéim labhairt na Gaeilge, a bhí suas le €700,000 á chaitheamh uirthi, in íocaíocht nó mar shochar éigin díreach do teaghlaigh?
Deireann an tAire Stáit go bhfuil €3 milliún ann don chlár tacaíochta teaghlaigh, ach chaill mise an t-eolas sin má fógraíodh an cineál sin airgid nua do theaghlaigh na Gaeltachta.
An bhfuil sé i gceist airgead caipitil a chur ar fáil do na hoileáin leis an gclár caipitil orthu a chríochnú? Caitheadh €100 milliún ar na hoileáin, ach bhí roinnt tograí nach raibh críochnaithe. Orthu sin, bhí Céibh Reannaigh in Árainn Mór i dTír Chonaill, céibh Inis Oírr, agus an foirgneamh nó an air terminal don aerstráice ar Inis Bó Finne. Oibríonn na hoileáin amach go dteastódh thart ar €3 mhilliún in aghaidh na bliana le haghaidh na tograí sin a chur i gcrích. An bhfuil sé i gceist airgead a chur ar fail le haghaidh clár oileánda?
Tá sé luaite go bhfuil €9,871,000 á chaitheamh ar riarachán an údaráis, ach níl aon airgid beagnach ag an údarás le caitheamh anois. An bhféadfadh an tAire Stáit an briseadh síos, idir pá agus pinsean, a íoctar as sin a thabhairt dom? Feictear domsa gur figiúr ollmhór é i gcomhthéacs an buiséad laghdaithe atá ag an údarás.
An féidir leis an Aire Stáit a dheimhniú nach gcuirfear deireadh le haon seirbhís rochtana go dtí na hoileáin? Tá ráfla ag dul timpeall go bhfuil sé i gceist deireadh a chur leis an seirbhís aeir go dtí na hOileáin Árainn. An féidir sásamh a thabhairt do na hoileánaigh nach mbeidh ciorrú mar sin á dhéanamh, mar is ionann é sin agus rud ar nós 30% de chiorrú ar an bhuiséad iompair oileánda? Mar is eol don Aire Stáit, ní bheadh sé sin inghlactha do phobal na n-oileán. An féidir leis an Aire Stáit a dheimhniú chomh maith nach mbeidh níos mó de chiorrú pro rata á dhéanamh ar sheirbhísí rochtana go dtí na hoileáin thar mar atá á dhéanamh trasna na Roinne ar fad?
An bhféadfadh an tAire Stáit eolas a thabhairt dúinn ar an tsábháilt atá le déanamh i 2013 ar na moltaí atá aige maidir le Coimisiún na Logainmneacha agus maidir leis an gCoimisinéir Teanga? Cé mhéad a chosain an Coimisinéir Teanga don bhliain 2012? Céard é an costas iomlán a bhain le Coimisiún na Logainmneacha don bhliain 2012? Muna bhfuil na figiúrí sin ag an Aire Stáit, déanfaidh na figiúrí don bhliain 2011 cúis.
Tá go leor ceisteanna eile agam, ach ba mhaith liom dhá cheist a chur ar an Aire, an Teachta Deenihan.
No comments