Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 13 November 2012

Joint Oireachtas Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht

2013 Allocations for Public Expenditure
Vote 33 - Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

4:25 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Fáiltím roimh an deis teacht i láthair an chomhchoiste inniu chun plé a dhéanamh ar sheasamh réamh-cháinaisnéise mo Roinne don bhliain 2013 sna réimsí Gaeilge, Gaeltachta agus oileán. Táim ag súil le héisteacht le moltaí an chomhchoiste i dtaca leis na cinntí crua atá le tógáil don bhliain seo chugainn chun gur féidir le mo Roinnse maireachtáil taobh istigh den soláthar a thabharfar dúinn, chomh maith le gach cosaint a thabhairt oiread agus is féidir do na seirbhísí a thugtar don phobal sna réimsí Gaeilge, Gaeltachta agus oileán.

Tá léargas tugtha ag an Aire don chomhchoiste maidir leis na laghduithe caiteachais atá á gcur i bhfeidhm againn trasna an bhoird sa Roinn, ag eascairt as an athbhreithniú caiteachais. Mar a thuigfidh an comhchoiste, níl na hacmhainní airgeadais againn le tabhairt faoi gach rud gur mian linn a dhéanamh agus is amhlaidh a bheidh sé an bhliain seo chugainn. Mar sin féin, tá sé i gceist agamsa mar Aire Stáit oiread agus is féidir a dhéanamh chun na réimsí Gaeilge, Gaeltachta agus oileán a chosaint agus a chaomhnú taobh istigh de na laincisí airgeadais atá orainn.

Ba dheas liom anois léargas a thabhairt don chomhchoiste ar an méid atá curtha i gcrích ag mo Roinn i mbliana sna réimsí Gaeilge, Gaeltachta agus oileán agus ar na tosaíochtaí atá againn sna réimsí seo don bhliain seo chugainn. Tá leithdháileadh de bheagnach €45 milliún tugtha ag an Státchiste do mo Roinn i mbliana do ghnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus oileán, chomh maith le leithdháileadh de bheagnach €15.5 milliún d'Fhoras na Gaeilge.

Ar ndóigh, tá gach gné de ghníomhaíochtaí mo Roinnse sna réimsí Gaeilge agus Gaeltachta fite fuaite leis an straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Rinneadh dul chun cinn suntasach ar an straitéis i mbliana agus an Acht na Gaeltachta 2012 ina dhlí anois. Tá tábhacht ar leith ag baint leis an Acht seo, os rud é go dtugtar aird i reachtaíocht don chéad uair ó 1956 ar an riachtanas atá le sainmhíniú nua a thabhairt don Ghaeltacht. Faoin Acht, tá sé i gceist go mbeidh an Ghaeltacht bunaithe feasta ar chritéir theangeolaíochta seachas ar limistéir thíreolaíochta mar a bhí roimhe seo. Chomh maith le sin, beidh deis ag ceantair lasmuigh de na limistéir pleanála teanga Ghaeltachta aitheantas reachtúil a bhaint amach mar líonraí Gaeilge nó mar bhailte seirbhíse Gaeltachta, faoi réir critéir áirithe a bheith comhlíonta acu.

Beidh an phleanáil teanga ag leibhéal an phobail lárnach do phróiseas an tsainmhínithe nua don Ghaeltacht. Tá mo Roinn ag obair go dlúth le hÚdarás na Gaeltachta agus le Foras na Gaeilge chun tús a chur leis an bpróiseas pleanála teanga, i gcomhar leis na heagraíochtaí pobalbhunaithe atá ag feidhmiú ar an talamh sna limistéir éagsúla. Tá mo Roinn ag obair ar na dréacht-orduithe a thabharfaidh tús feidhme don phróiseas pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta 2012 agus táim ag súil go mbeidh na horduithe sin réidh le síniú agam i dtús na bliana úire.

Maidir le maoiniú mo Roinne do na scéimeanna tacaíochta Gaeilge sa Ghaeltacht, cuireadh maoiniú reatha de €7.35 milliún ar fáil agus maoiniú caipitil de os cionn €1.7 milliún ar fáil i mbliana. Caitheadh €3 mhilliún den mhaoiniú reatha ar an gclár tacaíochta teaghlaigh, clár nua a bunaíodh faoin straitéis i mbliana agus a bhfuil sé mar aidhm aige an Ghaeilge a threisiú mar theanga teaghlaigh agus pobail sa Ghaeltacht. Caitheadh an fuílleach den mhaoiniú reatha, is é sin €4.35 milliún, ar scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge faoina dtugtar deontas do mhná tí chun scoláirí a choinneáil ar iostas agus iad ag foghlaim Gaeilge sa Ghaeltacht. Is scéim theangabhunaithe thar a bheith rathúil í seo agus beagnach 24,000 scoláire tar éis freastal ar choláistí Gaeilge sa Ghaeltacht in 2012. Caitheadh an maoiniú caipitil de €1.7 milliún ar thógáil agus ar athchóiriú ionaid teangalárnaithe sa Ghaeltacht chun tacú le cur i bhfeidhm na straitéise ar an talamh.

Cuireadh breis agus €4.6 milliún ar fáil do na scéimeanna tacaíochta Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht i mbliana. As an tsoláthar seo, cuireadh maoiniú ar fáil d'institiúidí tríú leibhéal in Éirinn agus thar lear chun cúrsaí éagsúla a reáchtáil i nGaeilge. Chomh maith le sin, cuireadh maoiniú ar fáil do thionscnaimh théarmaíochta, aistriúcháin, logainmneacha agus foclóireachta, mar aon le maoiniú d'eagraíochtaí atá ag tacú le cur chun cinn na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht.

Chomh maith leis an maoiniú a chaitheann mo Roinn ar an nGaeilge laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht, cuirtear maoiniú ar fáil d'áisíneachtaí a bhfuil ról reachtúil ar leith acu agus a thagann faoi chúram mo Roinne, is iad sin Údarás na Gaeltachta, an Foras Teanga agus Oifig an Choimisinéara Teanga. Tá soláthar iomlán de os cionn €19 milliún curtha ar fáil ón Státchiste d'Údarás na Gaeltachta i mbliana. Cuimsíonn sé seo soláthar reatha de bheagnach €10 milliún do chostais riaracháin an údaráis agus os cionn €3 milliún d'eagraíochtaí pobalbhunaithe agus teangabhunaithe sa Ghaeltacht. Chomh maith le sin, tá soláthar caipitil de bheagnach €6 milliún ag an údarás ón Státchiste ar mhaithe le hinfheistíocht fiontraíochta sa Ghaeltacht agus tá foinsí maoinithe eile de thimpeall €5 milliún ag an údarás féin chun cur le seo i mbliana. Mar thoradh ar an maoiniú seo, táthar ag súil go n-éireoidh leis an údarás 400 post nua a chruthú sa Ghaeltacht i mbliana, chomh maith le bonn fostaíochta de 6,500 post i gcliantchuideachtaí an údaráis a choinneáil slán.

Tá athruithe déanta ar fheidhmeanna agus ar struchtúr Údarás na Gaeltachta faoi Acht na Gaeltachta 2012. Tugann an tAcht feidhm reachtúil don údarás maidir le cur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain don Ghaeilge sa Ghaeltacht. Chomh maith leis sin, déantar foráil faoin Acht chun líon comhaltaí bhord an údaráis a laghdú go suntasach agus chun deireadh a chur leis an riachtanas do thoghcháin do bhord an údaráis. Is athruithe chun feabhais iad na hathruithe seo go léir a chuirfidh le héifeacht an údaráis. Ní miste a rá sa chomhthéacs seo go bhfuil sé i gceist agam bord nua an údaráis a ainmniú go luath.

Is gné thábhachtach í d'obair mo Roinne tacú leis an chomhoibriú Thuaidh-Theas agus tá suim iomlán de bheagnach €15.5 milliún curtha ar fáil ón Státchiste chun tacú leis An Foras Teanga i mbliana. Tá dhá áisíneacht ar leith i gceist leis An Foras Teanga, is iad sin, Foras na Gaeilge, atá freagrach as cur chun cinn na Gaeilge ar fud an oileáin, agus Gníomhaireacht na hUltaise, atá freagrach as cur chun cinn na hUltaise agus an cultúr a bhaineann léi ar fud an oileáin. Ach an oiread le hUiscebhealaí Éireann, tá An Foras Teanga cómhaoinithe ag mo Roinn agus ag an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó Thuaidh. Dá bhrí sin, beidh buiséad na bliana seo chugainn don Fhoras Teanga le haontú leis an Roinn ó Thuaidh agus le faomhadh ina dhiaidh sin ag an gComhairle Aireachta Thuaidh-Theas.

Labhair an tAire, an Teachta Deenihan, ball beag roimhe seo maidir leis na gníomhartha athchóirithe atá á gcur i bhfeidhm ag an Roinn ag eascairt as plean an Rialtais um athchóiriú na seirbhíse poiblí. Ar mo thaobhsa, táthar ag dul ar aghaidh leis na hathchóirithe a chur i bhfeidhm i gcás Oifig an Choimisinéara Teanga agus an Choimisiúin Logainmneacha. Mar thoradh ar chinneadh an Rialtais, beidh Coimisinéir Teanga atá ceaptha go reachtúil lonnaithe sa Ghaeltacht i gcónaí agus leanfaidh an Coimisinéir Teanga le feidhmiú a chumhachtaí reatha go neamhspleách faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Chomh maith le sin, tiocfaidh coiste saineolaithe, a bheidh ag feidhmiú ar bhonn pro bono, in áit an Choimisiúin Logainmneacha. Beidh leasuithe reachtaíochta de dhíth chun feidhm reachtúil a thabhairt do chinntí an Rialtais sna réimsí seo.

Mar fhocal scoir, ní miste a rá go bhfuil feidhm thábhachtach ag mo Roinn maidir le forbairt na n-oileán. Cuireadh €5.9 mílliún i maoiniú reatha ar fáil do na hoíleáin i mbliana chun fordheontais a íoc le soláthróirí iompair éagsúla a chuireann seirbhísí farantóireachta, lastais, bus agus aeir ar fáil chuig 20 oileán amach ón gcósta. Ina theannta sin, cuireadh €963,000 ar fáil i maoiniú caipitil i mbliana chun cothabháil a dhéanamh ar thograí infreastruchtúra ar na hoileáin.

Tá léargas gairid tugtha agam ar na gníomhaíochtaí agus ar na forais a bhfuil mo Roinn ag tacú leo sna réimsí Gaeilge, Gaeltachta agus oileán. Is é an dúshlán atá romham mar Aire Stáit ná feidhmeanna mo Roinne a chur chun cinn sna réimsí Gaeilge, Gaeltachta agus oileán laistigh de na laincisí airgeadais atá orainn agus cosaint a thabhairt oiread agus is féidir don raon seirbhísí a thugtar don phobal sna réimsí sin. Ach an oiread le mo chomhghleacaí, an tAire, an Teachta Deenihan, beidh mé lánsásta aon cheisteanna a fhreagairt faoi mo chumais agus éisteacht le h-aon mholtaí atá ag na baill agus gníomhú chomh fada agus is féidir faoi na laincisí atá orainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.