Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 November 2012

Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions

Tuarascáil an Choimisinéara Teanga maidir le Comórtais Inmheánacha sa Roinn Coimirce Sóisialaí: Mionphlé

6:15 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Níor mhaith liom é a fhágáil amach, an fear bocht. Tá sé ráite anseo, má thugtar creidiúint d’iarrthóir níos luaithe, tá an baol ann go gceapfaí iarrthóir nach bhfuil na cáilíochtaí riachtanacha aige nó aici. Glacaim leis in aon phost go bhfuil bunriachtanais ann, ar nós ceadúnas tiomána a bheith ag iarrthóir, nó céim nó mar sin. Ní fheicim cén chaoi gur féidir le haon duine nach bhfuil na buncháilíochtaí acu a cheapadh. Chuirfí Gaeilgeoir chun tosaigh mar gheall ar Ghaeilge a bheith aige, nach é sin an buntáiste a bhíomar ag iarraidh a thabhairt agus an rud a bhí i gceist ag Richie Ryan ó thús?

Maidir leis an teagmháil leis an gCoimisinéir Teanga, de réir mar a thuigim, an cás a bhí i gceist, ardú céime inmheánach a bheadh ann. An bhfuil an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ag baint le arduithe céime inmheánacha? Thuig mé nach bhfuil agus is féidir gur sin an fáth nach mbeadh an Coimisinéir i dteagmháil, mar baineann an tseirbhís le foireann nua.

Ceist níos ginearálta, an bhfuil aon taighde nó measúnú déanta ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ar chumas Gaeilge na Státseirbhíse faoi láthair? An bhfuil forbhreathnú ar an réimse ar fad ar cén áit a dteastaíonn an Ghaeilge, cé mhéad duine a bheadh ar an Stát a earcú le déanamh cinnte gur féidir na seirbhísí a chur a fáil. Má tá taighde ann, cé chomh minic agus a dhéantar é, cén toradh a bhí ar an taighde sin le déanaí agus an féidir an taighde féin a chur ar fáil dúinn?

I bhfianaise an cháis chúirte, de Búrca v. an Aire Iompair, an ndearnadh athbhreithniú ar na treoirlínte a chuireann an tseirbhís ar fáil?

Míníodh ceist na marcanna bónais dom ach an nglacann an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí leis an mbreith an thug an Coimisinéir Teanga nó an gceapann an tUasal Love ach an oiread leis an dream eile a bhí anseo go bhfuil sé mícheart sa bhreith atá tugtha aige nó an bhfuil an ceart aige sa chás áirithe a tugadh maidir leis an Roinn Coimirce Sóisialaí?

Ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge sa Státseirbhís, tá mé ag glacadh leis nach bhfuil an céatadán an-ard faoi láthair. Sa PSNI ó Thuaidh, nuair a bhí na húdaráis ag iarraidh líon na gCaitliceach a mhéadú san eagras sin, cuireadh cineál córais “affirmative action” i bhfeidhm. An mbeadh an tseirbhís ag moladh go ndéanfaí a leithéid sin chun caighdeán na Gaeilge sa Státseirbhís a ardú go tapaidh arís go mbeadh líon mór daoine a bheadh inniúil ar an nGaeilge a chur chun cinn?

Céard é an tuairim a bheadh ag an Uasal Love faoi sin? Céard é a bharúil faoi chumas na Státseirbhíse seirbhís i nGaeilge a sholáthar faoi láthair? Tá pobal na Gaeilge an-cháinteach nach bhfuil daoine le Gaeilge le fáil sna Ranna éagsúla. Tuigim go bhfuil fadhbanna eile sa Státseirbhís, ach tá daoine an-cháinteach.

Ar nós an sampla a thug mé den Cheathrú Rua, áit nach bhfuil oifigeach leasa shóisialaí in ann feidhmiú as Gaeilge, tá gardaí i dTír Chonaill nach bhfuil in ann a gcuid oibre a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. An bhfuil an státchóras ag brú Béarla ar mhuintir na Gaeltachta?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.