Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 November 2012

Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions

Tuarascáil an Choimisinéara Teanga maidir le Comórtais Inmheánacha sa Roinn Coimirce Sóisialaí: Mionphlé

5:55 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Beidh go leor cairde agam sa dá Roinn seo nuair a bhéas muid críochnaithe, ar aon nós.

Tá mé thar a bheith buíoch do Iníon Uí Coleman as na freagraí a thug sí. Má táimid leis an aidhm seo a bhaint amach, ó thaobh daoine le Gaeilge a earcadh don Stát Seirbhís, cén polasaí atá ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe le sin a dhéanamh? Cén chaoi a bhfuil an Roinn chun é sin a chinntiú? Cé mhéad duine atá fostaithe sa Státseirbhís faoi láthair a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu agus gur féidir leo seirbhís a sholáthar, mar is léir go bhfuil sin titithe siar? Mar shampla, níl ach 1.5% de na daoine atá ag plé le cúrsaí riaracháin sa Roinn Oideachais agus Scileanna ábalta a gcuid oibre a dhéanamh tré mheán na Gaeilge. Ar an gCeathrú Rua, mar shampla, ní féidir leis an Roinn Coimirce Sóisialaí daoine a chur ar fáil le Gaeilge le freastal ar phobal na Gaeltachta. Tá fadhb leanúnach ann.

Deir Iníon Uí Coleman go bhfuil an t-Aire freagrach, faoi alt 17(1) den Civil Service Regulation Act 1956, as na coinníollacha a shocrú a rialaíonn ardú céime do státseirbhísigh. Tá mé ag glacadh leis go gcaithfidh sé é sin a dhéanamh faoi réir dhlí na tíre. Dúirt sé liom, nuair a bhíomar ag plé an Ombudsman (Amendment) Bill sa Seanad coicís ó shin, nach ndéanfadh seisean aon rialú a bhrisfeadh nó a sharódh dlí na tíre. Tá Acht na dTeangacha Oifigiúla mar dhlí na tíre. Mar sin, in aon treoir a thabharfadh an tAire chaithfeadh sé Acht na dTeangacha Oifigiúla a thógáil san áireamh.

Is é seo an pointe bunúsach atá á dhéanamh ag an gCoimisinéir Teanga. Deir oifigí na Ranna nach bhfuil na ciorcláin daingean, nó prescriptive, maidir leis an bpointe sa phróiseas ardú céime inar chóir na marcanna a dháileadh. Ach an pointe a rinne an Coimisinéir sa chás a thóg sé ná go raibh na ciorcláin prescriptive. Tá easaontú iomlán idir eisean agus na Ranna ar an bpointe sin. Dar leis an gCoimisinéir, sin an áit a bhfuil an fhadhb.

Tá a fhios agam nach bhfuil na hoifigigh in ann labhairt faoi chás atá os comhair na cúirte, per se, ach tá rialú déanta sa chás de Búrca v an tAire Iompair agus Eile gur cheart marcanna bónais don Ghaeilge a aidhmiú i gcomórtais inmheánacha. Ó tógadh an cás sin, ar thóg na Ranna an breithiúnas sin ar bord ó thaobh an phróisis earcaíochta atá ar siúl acu?

Deir na hoifigí go bhféachtar le cothromaíocht a bhaint amach idir riachtanais na Gaeilge agus an gá atá ann lena chinntiú go bhfuil na daoine cuí leis na scileanna agus na hinniúlachtaí is gá in áit ag an Státseirbhís. Cuireann sé iontas orm gur dúradh go mb'fhéidir go bhfostófaí daoine nach mbeadh na scileanna agus na hinniúlachtaí cuí acu dá dtabharfaí tús áite don duine le Gaeilge. Chaith mise blianta ag plé le próisis earcaíochta sa saol poiblí agus sa saol príobháideach agus muna raibh duine cumasach go leor leis an jab a dhéanamh ní bhfuair sé an jab. Dá bhrí sin, ní ghlacaim leis go gceapfaí duine le Gaeilge nach raibh inniúil sa scileanna eile a bhí ag teastáil, agus ní dóigh liom go nglacfadh oifigigh na Ranna leis sin ach an oiread. Dhéanfaí athfhógairt ar an bpost go dtí go bhfaighfí duine leis na scileanna atá ag teastáil. Sin an cleachtas atá ann agus ní ghlacaim leis an argóint dá dtabharfaí marcanna ag tús an phróisis do dhuine le Gaeilge go bhféadfadh sé dul chun cinn ar dhuine le scileanna breise sna réimsí eile a bhí ag teastáil. Muna raibh na scileanna cuí ar fad ag duine ní bheadh sé ag fáil an chonartha nó an post, glacaim leis. Ní ghlacaim leis an argóint sin.

Tá trí aighneacht cloiste againn. Ón méid atá cloiste agam, níl na hoifigigh ag glacadh, a bheag nó a mhór, le rialú an Choimisinéara Teanga. Sin rud a chuireann imní orm. An gciallaíonn sé sin nach nglacann siad leis an údarás atá aige mar dhuine neamhspleách atá le rialú ar na ceisteanna seo? Muna bhfuil, an bhfuil siad ag tógáil an údaráis ó áit éigin eile? An gceapann siad go ndearna an Coimisinéir Teanga botún? An raibh sé mícheart? Má bhí, cén fáth nár thóg an Roinn Coimirce Sóisialaí nó an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe cás Árd Chúirte? Is é an próiseas atá leagtha síos sa reachtaíocht, muna bhfuil Roinn sásta leis an mbreith atá ag an gCoimisinéir Teanga go dtógfadh sé dúshlán sa gCúirt Uachtarach. Ní fheicim go bhfuil sin déanta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.