Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 November 2012

Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions

Tuarascáil an Choimisinéara Teanga maidir le Comórtais Inmheánacha sa Roinn Coimirce Sóisialaí: Mionphlé

5:40 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Dá bhrí sin, nach raibh an ceart ag an gCoimisinéir Teanga, má bhí Gaeilge ag teastáil don phost, gur chóir sin a chur san áireamh sa phróiseas roghnúcháin ag an tús, má tá sé leagtha amach go bhfuil Gaeilge ag teastáil don phost?

Déanann an tUasal Patterson pointe eile, pointe a thógfainn suas leis. Deir sé má cuirtear Gaeilge san áireamh níos luaithe go mbeidh toradh an phróisis ceapacháin claonta tré a bheith ina bhfábhar siúd atá inniúil sa dá theanga oifigiúil. Táimid ag iarraidh go mbeadh níos mó daoine le Gaeilge sa Státseirbhís. Má táimid ag iarraidh béime a chur ar an nGaeilge, agus má tá próiseas á chur in áit le go mbeidh marcanna breise don Ghaeilge, cinnte beidh daoine ag cur i leith an choimisiúin go bhfuil sé claonta i dtreo na Gaeilge. Dhéanfaí an rud céanna dá n-iarrfaí go raibh Mandarin nó Gearmáinis ag teastáil. Má tá scil faoi leith ag teastáil le post a dhéanamh agus marcanna breise le fáil don scil sin, cinnte táthar ag dul a bheith claonta don rud sin. Is é an rud céanna é dá mbeadh duine ina innealtóir nó dá mbeadh aon scil eile aige.

Sin an bunphointe a bhí ag an gCoimisinéir Teanga. Is bunscil í an Ghaeilge. Tá an Coimisiún um Ceapachán Seirbhísí Poiblí, CCSP, in ainm is a bheith ag cur chun cinn na Gaeilge sa Státseirbhís, ó thaobh oibrithe de. Leis sin a dhéanamh, caithfear fábhar a thabhairt don Ghaeilge ins an bpróiseas earcaíochta. Sin adúirt Richie Ryan fadó agus sin riail an Choimisinéara Teanga. Tá sé aisteach go ndéarfadh an tUasal Patterson go dtabharfadh inniúil ar Ghaeilge fábhar breise.

Aontaím go hiomlán leis an Uasal Patterson agus, glacaim, an CCSP leis go gcaithfidh comhlachtaí seirbhísí poiblí dóthain ball foirne a bheith acu atá inniúil ar Ghaeilge chun a ndualgais a chomhlíonadh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, agus go bhfuil baint mhór ag na próisis earcaíochta agus ardú céime lena chinntiú go bhfuil dóthain de na baill foirne seo ag feidhmiú. Thagair an tUasal Patterson do "any statutory requirements". Nuair atá an próiseas á leagadh amach, agus eisean atá i gceannas an phróisis earcaíochta, caithfidh sé a thógail san áireamh any statutory requirements. Tá Acht na dTeangacha Oifigiúla mar cheann de na statutory requirements, chomh maith leis an Equality Act, an Organisation of Working Time Act agus aon cheann eile acu sin.

An aontaíonn an tUasal Patterson leis an mbreith a thug an Coimisinéir Teanga? Sa lá atá inniu ann, dá mbeadh sé ag leagan amach job specs nó próiseas earcaíochta agus Gaeilge ag teastáil, an dtógfadh sé san áireamh an bhreith a rinne an Coimisinéar Teanga agus an ndéarfadh sé leis na heagrais ar fad gur chóir go dtógfaí san áireamh an Ghaeilge ag tús an phróisis, seachas ag a dheireadh, mar sin a dúirt seisean ó thaobh Acht na dTeangacha Oifigiúla?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.