Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 November 2012

Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions

Tuarascáil an Choimisinéara Teanga maidir le Comórtais Inmheánacha sa Roinn Coimirce Sóisialaí: Mionphlé

5:15 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá mé ar lorg soiléiriú maidir leis an gceist sin. Tá sé luaite ag an Dochtúir Quinn san aitheasc a thug sí gur chuir an Roinn 4,500 faoi agallamh le cúig bliana anuas. Dá mhéadófaí sin thar 37 bliain, táimid ag caint faoi na mílte daoine sa Roinn. Má bhí an cleachtadh seo i bhfeidhm sna Ranna ar fad, agus má tá an Coimisinéir ceart go raibh sé mícheart ó thaobh an dlí de, táimid ag caint faoi na mílte daoine go bhféadfadh éagóir a bheith déanta orthu ó thaobh ceapacháin sa Státseirbhís. Sin bunús an scéil. B’fhéidir nach dtaitneodh sé linn é sin a admháil ach ceist an-tromchúiseach atá inti agus ní mór í a leigheas agus cothrom na Féinne a thabhairt do dhaoine a bhfuil a gcearta dlite acu, go háirithe na daoine seo ag a bhfuil na cásanna tógtha acu nó atá i dteagmháil leis an Roinn má tá cás bona fide acu.

An bunphrionsabal a bhí ann anseo, agus an rud a dúirt Richie Ryan, ná go rabhamar in ainm daoine agus seirbhísí trí Ghaeilge a bheith ar fáil sa Státseirbhís. Níor tharla sin agus níl sé ann. Cuid mhaith den locht a bheadh air sin ná nár ceapadh daoine le Gaeilge nó nár tugadh an buntáiste sin dóibh sa phróiseas earcaíochta. Tá ceist uafásach tromchúiseach anseo, baineadh stang asam ag an méid atá mé ag cloisteáil, go bhféadfadh na mílte daoine sa Státseirbhís, a rinne cúrsaí le Gaeleagras agus d’fhoghlaim Gaeilge mar go raibh siad den tuairim go bhfaighidís buntáiste ó thaobh ceapacháin de, a bheith amuigh ansin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.