Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 10 October 2012

Joint Oireachtas Committee on Education and Social Protection

Managing Back to School Costs: Discussion

11:15 am

Mr. Caoimhín Ó hEaghra:

Is é an chéad rud faoi ghaelscoileanna agus faoin gcostas ná gur scoileanna nuabhunaithe iad go leor de na scoileanna atá faoin bhForas Pátrúnachta, agus tá go leor acu i seomraí réamhdhéanta. Ní bhaineann seo leis an bhForas Pátrúnachta amháin ach leis na pátrúin ar fad. I gcás scoileanna atá lonnaithe sna seomraí sin, tá costas teasa agus breosla i bhfad níos airde agus tá an t-ualach sin ag titim ar na scoileanna. Le bheith cothrom don Roinn Oideachais agus Scileanna, tá sí ag iarraidh freastal air sin agus cóiríocht níos fearr a chur ar fáil, ach dá bhféadfadh an coiste brú a chur uirthi, b'fhiú é. Tá scoileanna fúinne os cionn 16 bliain sna seomraí réamhdhéanta agus is gá díriú orthu láithreach.

Go stairiúil, bhí easpa téacsleabhar Gaeilge ann ach na leabhair a bhí ann, bhí siad ar chomhchaighdeán leis na leabhair i mBéarla a bhí inúsáidte ní hamháin le múineadh na Gaeilge ach le múineadh na n-ábhar eile. Tá an-obair déanta le roinnt blianta anuas ag COGG, agus molaim go hard an cumann sin, ní hamháin ó thaobh téacsleabhar a fhorbairt agus tacaíocht a thabhairt do na comhlachtaí oideachais éagsúla, ach go háirithe maidir leis an "e-oideachas" faoinar labhair an tAth. O'Connell. Tá iTunes in úsáid aige agus ceacht.ie curtha chun cinn le gairid agus tá na háiseanna seo á bhforbairt agus inúsáidte. Ag an am céanna, bíonn na scoileanna faoi mhíbhuntáiste.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.