Written answers
Tuesday, 27 February 2024
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Teagasc na Gaeilge
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
250. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an dtabharfaidh sé figiúirí maidir le líon na mac léinn lasmuigh den tír atá ag fáil teagasc sa Ghaeilge le cabhair ó mhaoiniú an rialtais seo, agus cé líon na ndaoine atá ag múineadh Gaeilge thar lear le cabhair ó mhaoiniú an rialtais seo. [9051/24]
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Cuireann an Roinn maoiniú ar fáil do mhúineadh agus foghlaim na Gaeilge thar lear ar bhealaí éagsúla:
Leagtar amach sa tábla thíos na figiúirí is deireanaí don bhliain acadúil 2023/2024 maidir le mic léinn atá ag foghlaim na Gaeilge agus múinteoirí atá ag teagasc na Gaeilge thar lear faoi na sruthanna maoinithe seo.
1. Maoiniú don Choimisiún Fulbright do mhúineadh na Gaeilge sna Stáit Aontaithe ó 2006 i leith;
2. Maoiniú d’Fhondúireacht Ollscoile Éire-Ceanada (ICUF) do mhúineadh na Gaeilge i gCeanada ó 2009 i leith; agus,
3. Maoiniú do roinnt ollscoileanna sa Ríocht Aontaithe agus ar an mór-roinn faoin gCiste Tríú Leibhéal Thar Lear ó 2006 i leith.
Ollscoil/Eagraíocht | Tír | Líon na mac léinn cláraithe 2022/2023 | Teagascóirí Gaeilge |
---|---|---|---|
ICUF | Ceanada | 582 | 6 |
Coimisiún Fulbright | Stáit Aontaithe Mheiriceá | 856 | 10 |
Ollscoil Aberystwyth | An Bhreatain Bheag | 49 | 1 |
Ollscoil Adam Mickiewicz | An Pholainn | 44 | 1 |
Ollscoil Brest | An Fhrainc | 81 | 1 |
Ollscoil Caerdydd | An Bhreatain Bheag | 10 | 1 |
Ollscoil Cambridge | Sasana | 36 | 1 |
Ollscoil Charles, Prág | An tSeicia | 130 | 1 |
Coláiste na nGael, Paras | An Fhrainc | 60 | 1 |
Ollscoil Dortmund | An Ghearmáin | 47 | 1 |
Ollscoil Freiburg | An Ghearmáin | 31 | 1 |
Ollscoil Leipzig | An Ghearmáin | 91 | 1 |
Ollscoil Learphoill (Learpholl) | Sasana | 142 | 1 |
Ollscoil Learpholl (Londain) | Sasana | 157 | 1 |
Ollscoil Manheim | An Ghearmáin | 15 | 1 |
Ollscoil Marburg | An Ghearmáin | 7 | 1 |
Ollscoil Martin Luther, Halle | An Ghearmáin | 43 | 1 |
Ollscoil Matej Bel | An tSlóvaic | 54 | 1 |
Ollscoil Rennes | An Fhrainc | 122 | 1 |
Ollscoil Ruhr Bochum | An Ghearmáin | 62 | 1 |
Ollscoil SKSK | An tSlóvaic | 90 | 1 |
Ollscoil Uppsala | An tSualainn | 41 | 1 |
Ollscoil Vín | An Ostair | 115 | 2 |
Iomlán | 2,865 | 38 |
Tá Coimisiún Fulbright agus ICUF araon ag obair chun a gcláir Ghaeilge a leathnú amach chuig ollscoileanna eile agus tá an Roinn i dteagmháil go díreach le hollscoileanna eile san Eoraip chun cláir Ghaeilge nua a chruthú in ollscoileanna eile. Léiríonn aiseolas ó ICUF, Fulbright agus ó na hollscoileanna eile thuasluaite chomh maith le líon na mac léinn a fhreastalaíonn ar na cúrsaí seo go bhfuil éileamh ard ar an teanga a fhoghlaim thar lear agus tá rún daingean ag an Roinn cur leis na deiseanna atá ag daoine an Ghaeilge a fhoghlaim thar lear, dá bharr.
No comments