Written answers

Thursday, 14 December 2023

Department of Health

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

500. To ask the Minister for Health cén céatadán de bhuiséad fógraíochta a Roinne do 2023 atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh sna meáin Ghaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfear amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 5% a leagtar síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [56000/23]

Photo of Stephen DonnellyStephen Donnelly (Wicklow, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an Roinn Sláinte ag obair lena chinntiú go gcaitear 5% de bhuiséad fógraíochta 2023 ar fhógraíocht a dhéanamh sna meáin Ghaeilge.

Tá an Roinn Sláinte tiomanta go hiomlán dár ndualgais reachtúla faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, a cuireadh i bhfeidhm ar an 10 Deireadh Fómhair 2022, a chomhlíonadh.

De réir riachtanas an Achta, comhlánóidh an Roinn tuairisceán comhlíontachta don bhliain 2023 leis an gCoimisinéir Teanga faoin 10 Márta 2024. Beidh sé seo mar bhunús ag an gCoimisinéir Teanga a dheimhniú go bhfuil an Roinn ag cloí le riachtanais fhógraíochta, cumarsáid ghinearálta agus cumarsáid tráchtála a bhíonn ag plé leis an bpobal i nGaeilge le linn 2023.

Beidh gá le heolas a bhailiú ó sholáthróirí éagsúla agus chainéil chumarsáide, a bhaineann le réimse feachtas, faoi obair a cuireadh i gcrích agus atá ar siúl i mbliana, chun an tuairisceán comhlíontachta a chomhlánú go cumasach, chomh maith le ceist an Teachta a fhreagairt go cruinn. Ní fhéadfaí freagra ar cheist an Teachta a chur le chéile laistigh den am a tugadh. Baileoidh m'oifigigh an t-eolas seo agus déanfar é a roinnt leis an Teachta nuair atá sé réitithe don bhliain 2023.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

501. To ask the Minister for Health cén céatadán de bhuiséad fógraíochta 2023 na gcomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth a Roinne atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh sna meáin Ghaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfidh na comhlachtaí sin amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 5% a leagtar sios in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [56018/23]

Photo of Stephen DonnellyStephen Donnelly (Wicklow, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Toisc go mbaineann an cheist seo go díreach le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, d'iarr mé orthu freagra díreach a thabhairt don Teachta, chomh luath agus is féidir.

Baineann faisnéis ar na comhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth mo Roinne le cúrsaí oibríochtúla na gcomhlachtaí atá i gceist agus mholfainn go dtéann an Teachta go díreach i dteagmháil leis an Stiúrthóir/bPríomhoifigeach Feidhmiúcháin/gCláraitheoir cuí.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

502. To ask the Minister for Health cén céatadán de bhuiséad fógraíochta a Roinne do 2023 atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh i nGaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfear amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 20% a leagtar síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [56036/23]

Photo of Stephen DonnellyStephen Donnelly (Wicklow, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá oifigigh mo Roinne ag obair lena chinntiú go bhfuil 20% de fhógraí, chumarsáid ghinearálta agus chumarsáid tráchtála a phléann leis an bpobal i nGaeilge sa bhliain 2023.

Tá an Roinn Sláinte tiomanta go hiomlán dár ndualgais reachtúla faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, a cuireadh i bhfeidhm ar an 10 Deireadh Fómhair 2022, a chomhlíonadh.

De réir riachtanas an Achta, comhlánóidh an Roinn tuairisceán comhlíontachta don bhliain 2023 leis an gCoimisinéir Teanga faoin 10 Márta 2024. Beidh sé seo mar bhunús ag an gCoimisinéir Teanga a dheimhniú go bhfuil an Roinn ag cloí le riachtanais fhógraíochta, cumarsáid ghinearálta agus cumarsáid tráchtála a bhíonn ag plé leis an bpobal i nGaeilge le linn 2023.

Beidh gá le heolas a bhailiú ó sholáthróirí éagsúla agus chainéil chumarsáide, a bhaineann le réimse feachtas, faoi obair a cuireadh i gcrích agus atá ar siúl i mbliana, chun an tuairisceán comhlíontachta a chomhlánú go cumasach, chomh maith le ceist an Teachta a fhreagairt go cruinn. Ní fhéadfaí freagra ar cheist an Teachta a chur le chéile laistigh den am a tugadh. Baileoidh m'oifigigh an t-eolas seo agus déanfar é a roinnt leis an Teachta nuair atá sé réitithe don bhliain 2023.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

503. To ask the Minister for Health cén céatadán de bhuiséad fógraíochta 2023 na gcomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth a Roinne atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht i nGaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfidh na comhlachtaí sin amach roimh dheireadh na bliana seo an céatadán 20% a leagtar sios in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [56054/23]

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.