Written answers
Thursday, 14 December 2023
Department of Agriculture, Food and the Marine
Acht na dTeangacha Oifigiúla
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
432. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén céatadán de bhuiséad fógraíochta a Roinne do 2023 atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh sna meáin Ghaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfear amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 5% a leagtar síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [55989/23]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
434. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén céatadán de bhuiséad fógraíochta a Roinne do 2023 atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh i nGaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfear amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 20% a leagtar síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [56027/23]
Charlie McConalogue (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
I propose to take Questions Nos. 432 and 434 together.
Úsáideann mo Roinn fógraíocht chun eolas a sholáthar don phobal faoi raon leathan scéimeanna, seirbhísí agus polasaithe na Roinne. Áirítear leis seo fógraíocht i nGaeilge.
Tá mo Roinn tiomanta go hiomlán do na ceanglais mar atá leagtha amach faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 a chomhlíonadh.
De réir an Achta, beidh gach eolas ar fhógraíocht Ghaeilge mo Roinne do 2023 le chéile agus curtha faoi bhráid an Choimisinéara Teanga faoin 10 Márta 2024 lena fhoilsiú ina dhiaidh sin.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
433. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén céatadán de bhuiséad fógraíochta 2023 na gcomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth a Roinne atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh sna meáin Ghaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfidh na comhlachtaí sin amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 5% a leagtar sios in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [56009/23]
Charlie McConalogue (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Maidir leis an 12 Chomhlacht Stáit atá faoi choimirce mo Roinne, is ábhar oibriúcháin do na Comhlachtaí Stáit iad féin an fhaisnéis a iarradh. Tá an cheist seo curtha ar aghaidh agam chuig na Comhlachtaí Stáit atá faoi choimirce mo Roinne agus d'iarr mé orthu freagra díreach a thabhairt ar an scéal.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
435. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén céatadán de bhuiséad fógraíochta 2023 na gcomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth a Roinne atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht i nGaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfidh na comhlachtaí sin amach roimh dheireadh na bliana seo an céatadán 20% a leagtar sios in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [56045/23]

No comments