Written answers

Thursday, 19 October 2023

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Coláistí Samhraidh

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

17. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil aon mhaoiniú breise ar fáil i mBuiséad 2024 do mhná tí na gColáistí Samhraidh Gaeltachta chun dul i ngleic leis an ngéarchéim ina bhfuil 30% díobh éirithe as ó 2018; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [45644/23]

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirfear chúig chead míle euro (€500,000) breise ar fáil i 2024 chun tuilleadh deiseanna a chur ar fáil do dhaoine óga ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste freastal ar Choláistí Samhraidh sa Ghaeltacht. Is anuas ar an suim de cheithre chéad míle euro (€400,000) in aghaidh na bliana atá ar fáil cheana féin don scéim scoláireachta DEIS Gaeltachta a bheidh an maoiniú breise seo á chur ar fáil agam. Ciallóidh sé seo uile go mbeidh níos mó scoláirí ná riamh ó chúlraí éagsúla in ann freastal ar chúrsa samhraidh.

Cuireann mo Roinn cúnamh suntasach ar fáil ar bhonn leanúnach faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge chun tacú le hearnáil na gcoláistí Gaeilge. Ní mór a lua go bhfuil suim léirithe ag tuilleadh teaghlaigh sa scéim go mór mhór le ardú 20% tagtha ar an deontas laethúil a íoctar le lucht lóistín na gcoláistí Gaeilge le bliain anuas.

Faoin scéim seo, cuirtear cúnamh ar fiú dó dhéag euro (€12) in aghaidh an lae ar fáil in aghaidh gach scoláire a thagann chuig an nGaeltacht chun Gaeilge a fhoghlaim. De thoradh an deontais seo, laghdaíonn sé go hindíreach an táille a ghearreann coláistí ar an lucht freastail.

Go dáta i mbliana, tá timpeall daichead teaghlach nua cláraithe faoin scéim. Os rud é go mbíonn an Roinn ag glacadh le hiarratais ar bhonn leanúnach, tá seans ann go mbeidh tuilleadh iarratas fós ag teacht i mbliana. Is tríocha ceathair (34) teaghlach a chláraigh faoin scéim in 2019 agus tríocha naoi (39) anuraidh – rud a léiríonn go bhfuil méadú ag teach ar líon na teaghlach nua a bhfuil suim acu clárú faoin scéim.

Ar ndóigh bíonn feidhmeannaigh mo Roinne i dteagmháil go rialta le scáthghrúpa na gcoláistí samhraidh, CONCOS, chun deis plé a bheith ann maidir le bealaí a bhféadfaí cabhrú tuilleadh leis an earnáil.

Táim sásta go mbeidh tionchar dearfach ag na beartas ar fad atá ceadaithe faoin scéim ar an earnáil sa bhliain amach romhainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.