Written answers
Wednesday, 11 October 2023
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Cúrsaí Gaeilge
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
114. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén uair a dhéanfar íocaíocht le bean tí (sonraí tugtha) as ábhar oidí a chothaigh sí ar chúrsa i lár Mí Lúnasa; údar na moille lena híocaíocht; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [44380/23]
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ba mhaith liom a chur in iúl duit go bhfuil an íocaíocht a bhaineann le cúrsa Ábhar Oidí do mhí Lúnasa don té atá luaite ag an Teachta próiseáilte ag Rannóg na gColáistí Gaeilge agus seolta chuig Rannóg Airgeadais ar an 5ú Deireadh Fómhair. Bheifí ag súil go mbeadh an t-airgead ina cuntas bainc taobh istigh de 10 lá oibre ar a dhéanaí.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
115. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén céatadán de na teaghlaigh a chothaigh scoláirí faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge an samhradh seo a fuair íocaíocht iomlán as gach cúrsa; cén uair atáthar ag súil go n-íocfar an chuid eile; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [44381/23]
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Faoin tráth seo, tá 80% de na héileamh íocaíochtaí i leith na gcúrsaí a reáchtáil na Coláistí Gaeilge i samhraidh 2023 próiseáilte ag Rannóg na gColáistí Gaeilge agus seolta chuig Rannóg Airgeadais de chuid na Roinne. Tá 14% le próiseáil go fóill agus 6% nach bhfuil páipéarchas iomlán/críochnúil seolta isteach ag na Coláistí Gaeilge go fóill. Táthar ag obair ar na héileamh seo ar feadh an ama agus súil iad a bheith próiseáilte gan mhoill.
No comments