Written answers

Tuesday, 13 June 2023

Department of Education and Skills

Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

576. To ask the Minister for Education and Skills an ndeachaigh sise nó a Roinn i dteagmháil leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta FAOI RÉIR FHORÁIL Alt 31 (1)(b) den Acht Oideachais, (1998) le comhairle a lorg uathu faoin gcinneadh le 30 nóiméad a bhaint den mhéid ama atá molta i gcomhair mhúineadh na Gaeilge sna bunscoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla ó rang a 1 go rang a 6 agus a fógraíodh sa Chreatchuraclam Bunscoile nua a foilsíodh an 9 Márta 2023; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [28019/23]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

577. To ask the Minister for Education and Skills an ndeachaigh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta i gcomhairle leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta FAOI RÉIR FHORÁIL ALT 31 (4)(a), (b) agus (c) den Acht Oideachais, (1998) le comhairle a lorg uathu maidir leis an moladh le 30 nóiméad a bhaint den mhéid ama atá molta i gcomhair mhúineadh na Gaeilge sna bunscoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla ó rang a 1 go rang a 6 sa Chreatchuraclam Bunscoile nua, agus aird tugtha aici ar aon chomhairle a tugadh de réir fhoráil an Achta, sular chuir siad an moladh sin ar aghaidh chuici le glacadh leis; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [28020/23]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I propose to take Questions Nos. 576 and 577 together.

Seoladh Creatchuraclam na Bunscoile ar an 9 Márta 2023. Leagtar amach ann an fhís; na prionsabail; na príomhinniúlachtaí; an struchtúr; na cuir chuige i leith foghlama, teagaisc agus measúnaithe; agus leithdháiltí ama do churaclam athfhorbartha. Chomh maith leis sin, soláthraíonn an creat an treoirphlean chun treoir a thabhairt d’fheabhsú an oideachais bunscoile agus speisialta do na blianta seo amach romhainn. Léiríonn sé tuiscint chomhroinnte ar mhórán gnéithe dearfacha inár mbunscoileanna agus inár scoileanna speisialta chomh maith le muinín astu agus tacaíonn sé le boird bhainistíochta ina ndualgais reachtúla a chinntiú go ndéantar oideachas cuí a sholáthar do gach leanbh inár scoileanna.

Is í an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) a d’fhorbair Creatchuraclam na Bunscoile thar ceann mo Roinnese, trí chur chuige i gcomhar ina ndeachthas i mbun plé le páirtithe leasmhara ar fud an chórais agus ar chuir taighde, obair leanúnach le pobail scoile, comhairliúchán forleathan agus dianmhachnamh bonn eolais faoi. I mí Feabhra 2020, foilsíodh Dréacht-Chreatchuraclam na Bunscoile i gcomhair comhairliúcháin, ina raibh moltaí maidir le leithdháiltí ama i gcuraclam athfhorbartha na bunscoile. Rinneadh an comhairliúchán in dhá chéim idir mí Feabhra 2020 agus deireadh mhí an Mhárta 2022. Bhí sé mar aidhm ag an gcomhairliúchán a chinntiú go mbeadh ar chumas duine ar bith nó eagraíocht ar bith a bhí ag iarraidh a gcuid tuairimí a léiriú i dtaca leis na moltaí sa dréachtchreat sin a dhéanamh agus baineadh é sin amach trí réimse modhanna chun aiseolas a sholáthar agus dearadh taighde docht.

Faoi mar is eol don Teachta, tá an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), ar cheann de chomhlachtaí ainmnithe CNCM mar atá leagtha amach san Acht Oideachais, 1998. Dá réir sin, bíonn teagmháil rialta idir an dá eagraíocht faoi ghnéithe ábhartha d’fhorbairtí curaclaim agus measúnachta. Le blianta beaga anuas, ar leibhéal na bunscoile, bhí ionadaíocht ag COGG ar Mheitheal Forbartha CNCM. Bhí ról lárnach ag an ngrúpa forbartha sin in obair CNCM ar Churaclam Teanga na Bunscoile (CTB). Ó 2018 i leith, d'fhreastail ionadaithe ó COGG freisin ar shraith leanúnach de sheimineáir churaclaim a bhí dírithe ar athfhorbairt a dhéanamh ar Churaclam na Bunscoile agus chuir siad leo. Ar an mbealach céanna, tá ionadaíocht ag CNCM ar Chomhairle COGG, rud a chumasaigh uasdátú ardleibhéil ar ghnéithe ábhartha d’obair CNCM a sholáthar ar bhonn leanúnach.

Le linn an chomhairliúcháin ar Dhréacht-Chreatchuraclam na Bunscoile, bhí cruinniú déthaobhach ag CNCM agus ag COGG maidir leis na moltaí i leith curaclam bunscoile athfhorbartha. Tionóladh an cruinniú sin i mí Dheireadh Fómhair 2020 agus ina dhiaidh sin fuarthas aighneacht i scríbhinn ó COGG i dtaca leis na moltaí i mí Aibreáin 2021. Tá an aighneacht sin, in éineacht le haighneachtaí eile, foilsithe ar shuíomh gréasáin CNCM.

Chomh maith le 147 aighneacht i scríbhinn a fhoilsiú, d'fhoilsigh CNCM Tuarascáil ar an gComhairliúchán ar Dhréacht-Chreatchuraclam na Bunscoile, tuarascáil theicniúil a bhí ag gabháil léi ina raibh mionsonraí na bhfreagraí focal ar fhocal ar na ceistneoirí, agus Tuarascáil ar an gComhairliúchán le Leanaí ar Dhréacht-Chreatchuraclam na Bunscoile. Bhí an t-aiseolas a fuarthas le linn an chomhairliúcháin, lena n-áirítear an t-aiseolas ó COGG, lárnach in obair CNCM maidir le Creatchuraclam na Bunscoile a thabhairt chun críche. Is féidir teacht ar na tuarascálacha comhairliúcháin chomh maith leis na haighneachtaí atá foilsithe agus ar thuilleadh eolais ag www.ncca.ie.

Tá súil agam go ndearbhaíonn an t-eolas seo don Teachta go rabhthas i mbun plé le COGG le linn na forbartha ar Chreatchuraclam na Bunscoile, lena n-áirítear athruithe ar bith ar theagasc na Gaeilge inár mbunscoileanna agus inár scoileanna speisialta.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

578. To ask the Minister for Education and Skills an ndeachaigh sise nó a Roinn i gcomhairle leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta FAOI RÉIR ALT Alt 31 (1)(b) den Acht Oideachais, (1998) le comhairle a lorg uathu sular glacadh leis na leasuithe atá le cur i bhfeidhm i gcomhair na Gaeilge sa tsraith shóisearach de dhroim an chomhairliúcháin luaith a rinneadh i dtaobh na sonraíochtaí nua i gcomhair na sraithe sóisearaí; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [28021/23]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bunaíodh COGG faoi théarmaí an Achta Oideachais (1998) agus tá feidhmeanna reachtúla aici maidir le comhairle a chur ar an Aire Oideachais agus ar an CNCM maidir le cúrsaí a bhaineann leis an nGaeloideachas agus le múineadh na Gaeilge i ngach scoil. Tá feidhmeanna reachtúla ag COGG ar chomhordú a dhéanamh ar sholáthar téacsleabhar agus acmhainní foghlama; seirbhísí tacaíochta a chur ar fáil do scoileanna agus ar thaighde a dhéanamh freisin.

Mar fhreagairt ar iarratais ó pháirtithe leasmhara, choimisiúnaigh an CNCM athbhreithniú a dhéanamh ar luath-chur i bhfeidhm shonraíochtaí Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí T1 agus T2 in 2022. Is an tOllamh Pádraig Uí Dhuibhir agus an Dochtúir Colm Mhic Ghearailt a rinne an t-athbhreithniú ar son na CNCM. Mar chuid den phróiseas athbhreithnithe seo, tugadh cuireadh do pháirtithe leasmhara páirt a ghlacadh agus aiseolas a thabhairt. Fuarthas aighneachtaí ó pháirtithe leasmhara éagsúla lena n-áirítear An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG).

Tuigim go ndeárna Comhairle na CNCM léirmheas suntasach agus cúramach ar thorthaí na tuarascála an t-athbhreithniú luath-chur i bhfeidhm seo agus aontaíodh leasuithe air. Bhí an Chomhairle aireach ar an tábhacht a bhaineann le freagra luath a chur ar an eispéireas agus ábhair imní a d’fhógair múinteoirí, scoláirí agus páirtithe leasmhara. Mar thoradh air sin, tháinig athruithe ar chuid de na gníomhartha do scoláirí a bhí ar an tsraith shóisearach cheana féin agus tá athruithe eile cur i bhfeidhm do scoláirí a bheidh ag tosú ar an tsraith shóisearach i mí Mheán Fómhair 2023. (Féach imlitir 0015/2023).

Bíonn coiste gnó na CNCM i dteagmháil agus ag comhoibriú le COGG go rialta. Chomh maith le ról COGG san athbhreithniú luath-chur i bhfeidhm, bhí an CNCM i gcomhairle go díreach le COGG maidir leis na hathruithe ar na liostaí téacsanna do Ghaeilge T1 agus T2 a cuireadh i ngníomh de bhun na tuarascála leis an athbhreithniú luath-chur i bhfeidhm. (Tá sonraí na n-athruithe seo in imlitir 0015/2023 agus i nóta eolais ón CNCM.) Bíonn COGG ag tacú le hobair CNCM ar athbhreithniú agus uasdátú a dhéanamh ar liostaí téacsanna don Ghaeilge ar na sraitheanna sóisearaí agus sinsearaí.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

579. To ask the Minister for Education and Skills an ndeachaigh sise nó a Roinn i gcomhairle leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta FAOI RÉIR ALT 31 (1)(b) den Acht Oideachais, (1998) le comhairle a lorg uathu sular glacadh an cinneadh páipéar a haon de scrúdú Gaeilge na hArdteiste a bhogadh go deireadh bhliain a 5; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [28022/23]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh an Teachta ar an eolas gur fhógair mé i mí an Mhárta 2022 clár oibre uaillmhianach do Shraith Shinsearach oideachais athshamhlaithe ina bhfuil an scoláire mar chroílár eispéireas a S(h)raithe Sinsearaí. I m’fhógra, leag mé amach fís shoiléir don tSraith Shinsearach. Tá dul chun cinn suntasach déanta go dtí seo leis an bhfís a chur i bhfeidhm a bhí leagtha amach agam mí an Mhárta seo caite, agus tá an obair seo ag leanúint ar aghaidh.

B’fhéidir go bhfuil an Teachta ar an eolas gur fhógair mé i mí an Mhárta 2023 gur cuireadh siar an plean eatramhach go mbeadh an chéad pháipéar den dá pháipéar i scrúduithe Béarla agus Gaeilge na hArdteistiméireachta déanta sa Chúigiú Bliain. Bhí sé i gceist go mbogfaí Páipéar 1 mar bheart eatramhach chun ualach an mheasúnaithe a roinnt agus folláine na scoláirí a fheabhsú. Bhí sé i gceist freisin go bhféadfadh oiread scoláirí agus is féidir éifeacht áirithe a mhothú maidir leis an gclár leasaithe sula dtugtar isteach an príomchlár leasaithe.

Le cúpla mí anuas, bhí m’oifigigh agus mé féin i dteagmháil leis na páirtithe leasmhara éagsúla chun tuiscint a fháil ar na hábhair imní atá orthu faoin athrú seo.

Tar éis machnamh a dhéanamh ar na tuairimí a chuir na páirtithe leasmhara ar fáil, chinn mé an t-athrú pleanáilte seo a chur siar ionas go ndéanfaidh na scoláirí sin atá ag teacht isteach sa chúigiú bliain mí Mheán Fómhair seo chugainn an dá pháipéar i ngach ceann d’ábhair na Gaeilge agus an Bhéarla sa séú bliain.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.