Written answers
Thursday, 17 September 2020
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Tuarascálacha Ranna
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
100. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an mbeidh a Roinn ag foilsiú na tuarascála a cuireadh le chéile maidir leis an gcás gnó d’Ionad Óige, Oideachais, Cultúrtha agus Spóirt ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair, Contae Dhún na nGall; cén dáta a bheidh an tuarascáil á foilsiú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [24621/20]
Jack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ar mhaithe le tacú tuilleadh le forbairt Ghaoth Dobhair - ar leas na Gaeilge agus gheilleagar an cheantair araon – d’iarr mo Roinn ar Údarás na Gaeltachta taighde a dhéanamh ar na féidearthachtaí a bhaineann le hionad a fhorbairt i nGaoth Dobhair le freastal a dhéanamh ar riachtanais earnáil na gcoláistí samhraidh agus an óige araon.
Tá an taighde seo á dhéanamh ar bhealach a thógann san áireamh, oiread agus is féidir, mianta páirtithe leasmhara agus, ach an oiread le gach togra caipitil eile de chuid an Stáit, riachtanais Chód Caiteachais Phoiblí de chuid na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.
Agus an taighde seo críochnaithe, déanfar an fhéidearthacht maidir leis an togra a fhorbairt tuilleadh a mheas i gcomhthéacs an chiste airgid atá ar fáil do mo Roinn le caitheamh ar thograí caipitil agus na n-éileamh éagsúla ar an gciste sin.
No comments