Written answers

Wednesday, 27 June 2018

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Toghcháin d'Údarás na Gaeltachta

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

275. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht céard iad na socraithe a bhí i bhfeidhm don toghchán deireanach le haghaidh Údarás na Gaeltachta in 2005 ó thaobh ionaid chomhairimh, foireann toghcháin agus ábhar breise a bhaineann leis na toghcháin sin, ar nós páipéir bhallóide; agus cén costas a bhí air. [28181/18]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar gur rinneadh, le hachtú Acht na Gaeltachta 2012, aisghairm ar na forálacha reachtúil a bhain le toghcháin Údarás na Gaeltachta, níl aon ról reachtúil agam maidir leis an gceist atá ardaithe ag an Teachta.

É sin ráite, tuigim gur i gcomhar leis na Cinn Comhairimh sna Comhairlí Contaetha Gaeltachta a rinneadh na socruithe maidir le Toghchán 2005 d’Údarás na Gaeltachta a reáchtáil. Go bunúsach, mar sin, is iad na Cinn Comhairimh a bhí freagrach as na hionaid chomhairimh, foireann toghcháin agus na nithe gaolmhara eile a eagrú. Tuigim chomh maith gur bhain costas circa €380,000 leis an toghchán féin a reáchtáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.