Written answers
Tuesday, 20 June 2017
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Scéim na mBóithre Áise
Pat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
993. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht sí cur síos ar na pleananna atá aici Scéim na mBóithre Áise a chur ar bun an athuair do bhóithre nach bóithre contae iad, bóithre áise a fhad le tithe agus feirmeacha i gceantar na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [29021/17]
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar a tugadh le fios sa bhfreagra ar Cheist Dála Uimhir 382 and 383 ar 30 Bealtaine 2017 is i gcomhthéacs fhorfheidhmiú na Straitéise 20-Bliain don Ghaeilge 2010-2030, atá áirithe go sonrach mar sprioc i gClár an Rialtais Rannpháirtíochta, a dhéanfar aon chinneadh maidir le hathnuachan ar Scéim na mBóithre Áise.
No comments