Written answers
Thursday, 15 May 2014
Department of Defence
An tSeirbhís Chabhlaigh
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
161. To ask the Minister for Defence an bhfuil sé i gceist aige athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh an iar-Aire Cosanta gan ainmneacha Gaeilge a thabhairt ar an dá bhád nua cabhlaigh atá á gceannach ag na Fórsaí Cosanta agus an bhfuil sé i gceist aige, ag cur na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge i gcuntas, beartas na Roinne i leith na ceiste seo a athrú ar ais go dtí an beartas a bhí ann roimhe seo maidir le báid chabhlaigh a ainmniú [22011/14]
Enda Kenny (Mayo, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ba mhaith liom a dheimhniú don Teachta go ndéantar úsáid na Gaeilge ag an Roinn Cosanta agus ag Óglaigh na hÉireann a chothú i gcónaí.
Maidir le hainmniú an dá long nua ag an tSeirbhís Chabhlaigh, bhíothas den tuairim gurbh thráthúil athrú a dhéanamh maidir leis an gcur chuige traidisiúnta ionas go léireofaí Éire níos nua-aimseartha uilechuimsithí. Éascófar, le hainmniú na long as pearsaí litríochta de chuid na hÉireann a bhfuil iomrá orthu ar fud an domhain, d'aitheantas níos mó don tSeirbhís Chabhlaigh agus iad i mbun feidhme i gcúrsaí mara idirnáisiúnta agus ar cuairt i gcalafoirt thar lear.
No comments