Written answers
Tuesday, 8 April 2014
Department of Health
Costais Aistriúcháin
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
590. To ask the Minister for Health cén méid airgid a caitheadh in 2013 ar aistriú doiciméad ó Bhéarla go Gaeilge nó ó Ghaeilge go Béarla, agus ó theangacha eile go Béarla agus ó Bhéarla go teangacha eile, faoi seach; cad ba chaiteachas iomlán riaracháin na Roinne sa bhliain 2013; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16138/14]
James Reilly (Dublin North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Sa bhliain 2013, tháinig caiteachas iomlán riaracháin mo Roinne go dtí €28.121 milliún.
Sa tréimhse 1 Eanáir go 30 Meithimh, 2013, caitheadh €7,243 ar aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge. Ní raibh aon costas maidir le haistriúchán ó Ghaeilge go Béarla sa tréimhse sin. Níl sonraí ar fáil go fóill don tréimhse 1 Iúil go 31 Nollag, 2013 ach nuair atá seolfaidh mé iad go dtí an Teachta.
I 2013, caitheadh €454 in iomlán ar aistriúcháin idir Bhéarla agus teangacha eile (ó Ghearmáinis go Béarla agus ó Bhéarla go Sínis).
No comments