Written answers
Tuesday, 4 February 2014
Department of Education and Skills
An Teanga Gaeilge
Pearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
228. To ask the Minister for Education and Skills cén gníomh atá beartaithe aige a dhéanamh chun gníomhú de bhun mholadh an Choimisinéara Teanga i leith Phobalscoil Chloich Chionnaola; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5194/14]
Ruairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is mian liom a chur in iúl don Teachta go ndeachaidh mo Roinnse i dteagmháil le déanaí le Pobalscoil Chloich Cheannfhaola maidir leis na socruithe gur cuí iad a chur ar bun i gcomhair fheidhmiú na moltaí a rinne An Coimisinéir Teanga i gcás na scoile i gceist. Bainfidh na socruithe sin le soláthar a dhéanamh do leathnú an oideachais trí mheán na Gaeilge chuig leibhéal na hArdteistiméireachta do mhic léinn ón nGaeltacht agus do mhic léinn eile gur rogha leo sin, agus le teacht ar chomhaontú le húdaráis na scoile i gceist go ndéanfar athbhreithniú ar oibriú an chórais oideachais trí Ghaeilge sa scoil tar éis líon comhaontaithe blianta chun a chinntiú go bhfuil ag éirí leis.
No comments