Written answers
Wednesday, 29 January 2014
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Earcaíocht san Earnáil Phoiblí
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
90. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén uair a líonfaidh sé an folúntas do Phríomh-Oifigeach sa Bhrainse Logaimneacha le duine ag a mbeidh na cáilíochtaí cuí mar thaighdeoir, ionas gur féidir leis an gCoiste Logaimneacha tuairiscí cruinn a fháil uaidh nó uaithi chun oibriú dá réir. [4376/14]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Oibríonn an Brainse Logainmneacha laistigh de Rannóg Gaeilge agus Gaeltachta mo Roinne. Tá beirt Ardoifigeach Logainmneacha agus Oifigeach Logainmneacha amháin fostaithe ar an bhfoireann taighde sa Roinn faoi láthair agus iad ag plé le clár oibre ar leith.
Mar is eol don Teachta, níl Príomhoifigeach Logaimneacha fostaithe ag an Roinn faoi láthair, ós rud é go bhfuil mo Roinnse ag feidhmiú faoi réir an choisc ar earcaíocht san earnáil phoiblí. É sin ráite, is cúis áthais dom a chur in iúl don Teachta go bhfuil an post seo a líonadh ar an mbonn gur post gníomhach a bheidh ann agus tá socruithe á gcur in áit chuige sin anois. Táim muiníneach go gcuirfidh sé seo an leibhéal riachtanach tacaíochta ar fáil don Choiste Logainmneacha.
No comments