Written answers

Thursday, 16 January 2014

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

176. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht céard é líon na scoláirí a d’fhreastail ar Choláistí Samhraidh faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge gach bliain le deich mbliana anuas; cén méid airgid san iomlán a íocadh faoin scéim gach bliain agus cén soláthar airgid a bheidh ann faoin scéim seo do 2014; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [2052/14]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tugann an tábla thíos sonraí maidir le líon na bhfoghlaimeoirí a d'fhreastail ar choláistí Gaeilge idir 2004 agus 2013 agus caiteachas mo Roinne faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge.

BliainLíon FoghlaimeoiríCaiteachas na Roinne
200424,577€3,638,029
200525,203€4,260,625
200626,645€4,816,150
200726,271€5,294,957
200828,112€5,593,486
200927,586€5,593,458
201025,120€4,727,849
201124,714€4,446,159
201223,840€4,051,424
201322,798€3,772,754

Tá €6.1 milliún curtha ar fáil i maoiniú reatha do mo Roinn sna Meastacháin in 2014 le haghaidh na Scéimeanna Tacaíochta Gaeltachta, lena n-áirítear Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.