Written answers
Thursday, 16 January 2014
Department of Education and Skills
Gaelscoileanna Issues
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
97. To ask the Minister for Education and Skills an mbíonn sé féin nó a oifigigh i dteagmháil go rialta le coiste bunaithe Ghaelcholáiste an Phiarsaigh, gaelcholáiste úr i mBaile Átha Cliath, maidir le suíomh sealadach agus suíomh buan a roghnú don choláiste atá le tosú i mí Mheán Fómhair i mbliana, agus cad é an scéal is déanaí maidir leis an gcoláiste seo agus cén uair a bheidh na cinntí cuí déanta. [1937/14]
Ruairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá mo Roinnse ag obair i gcomhar le pátrún na Gaelcholáiste an Phiarsaigh chun cóiríocht chuí a shainaithint agus a aimsiú do thosach na scoile in 2014.
Maidir le suíomh buan an Ghaelcholáiste, táthar tar éis roinnt roghanna a shainaithint agus tá siad seo á gcur chun cinn. Tá caibidlíocht ar siúl i gcónaí agus, dá bhrí sin, i bhfianaise na n-íogaireachtaí a bhaineann le héadáil talún níl ar mo chumas aon ráiteas eile a thabhairt ag an dtráth seo.
No comments