Written answers

Tuesday, 3 December 2013

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Togra Caomhantais

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

203. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist aige ceanncheathrú thogra Aran Life a lonnú ar Inis Meáin de bharr an tsaibhris nádúrtha oidhreachta atá ar an oileán, an bhánaithe atá ag tarlú don oileán, agus go bhfuil an spás oifige ar fáil ann; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [51525/13]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is togra taispeána é an togra Aran LIFE+ a chuirfear i bhfeidhm ar na hOileáin Árann thar thréimhse 4 bliana ó 2014 go 2017. Tá mo Roinnse ag feidhmiú mar thairbhí comhordúcháin don togra.

Is cúram é don Choiste Stiúrtha atá ag feidhmiú faoi mo Roinnse, i gcomhar leis an bhfoireann de thriúr atá le ceapadh don togra go luath, socruithe a dhéanamh maidir le ceanncheathrú na foirne togra ar na hOileáin Árann. Agus an rogha sin á dhéanamh, glactar leis go mbeidh riachtanais an togra féin á gcur san áireamh mar thosaíocht ag an gCoiste Stiúrtha.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.