Written answers
Tuesday, 22 October 2013
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Fóram Pleanála Uile-Éireannach
Brian Stanley (Laois-Offaly, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
81. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an ndéanfaidh sé ráiteas maidir leis an ngá atá ann go mbunófar Fóram Pleanála Uile-Éireannach; agus an bhfuil aon phleananna aige a leithéid d'Fhóram a chur ar bun agus muna bhfuil cén fáth nách bhfuil. [44223/13]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar a mhínigh mé i bhfreagra ar Cheist Dála 372 ar an 18 Iúil 2013, rinne an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas socruithe nua maoinithe a fhaomhadh, in ionad múnla reatha bunmhaoinithe Fhoras na Gaeilge ag a cruinniú in Ard Mhacha ar an 10 Iúil 2013. Faoi na socruithe nua, beidh tosaíochtaí straitéiseacha ar leith á seachadadh ag 6 eagraíocht cheannais a bheidh ag feidhmiú ar bhonn uile-oileáin agus cuirfear na fóraim chuí ar bun le tacú leis an gcur chuige úr seo.
Is iad na fóraim atá i gceist ná fóram comhpháirtíochta uile-oileáin chun cur chuige comhoibríoch ag an 6 eagraíocht cheannais a chinntiú agus fóram forbartha teanga uile-oileáin a bheidh ionadaíoch de shainleasa teanga áitiúla atá maoinithe ag Foras na Gaeilge ag leibhéal an phobail. Mar a thuigfidh an Teachta, ní bheidh na fóraim seo á mbunú go dtí go mbeidh na heagraíochtaí ceannais roghnaithe ag Foras na Gaeilge.
Tuigtear dom ó Fhoras na Gaeilge go bhfuil tús curtha leis an bpróiseas léirithe suime chun na heagraíochtaí ceannais a roghnú. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar a suíomh gréasáin .
No comments