Written answers

Thursday, 30 May 2013

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Údarás na Gaeltachta Issues

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

35. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht if he will provide a detailed progress report to date on the Historic Towns Initiative Pilot Scheme; if he will provide a detailed report of its financial return in terms of heritage tourism; and if he will make a statement on the matter. [26102/13]

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

39. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén beartas agus cé na pleananna atá ann chun níos mó post a chur ar fáil sa Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [26107/13]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Molaim ceisteanna Uimh. 35 agus 39 a fhreagairt le chéile.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta gurb é an sprioc fostaíochta atá ag an eagraíocht do 2013 ná 400 post nua a chruthú agus go bhfuil an tÚdarás sásta ag an bpointe seo go mbainfear an sprioc sin amach. Cruthaíodh 700 post nua in 2012 agus ag deireadh na bliana sin, bhí 7,533 post i gcliantchuideachtaí de chuid an Údaráis, lena n-áirítear 6,933 post lánaimseartha agus 620 post páirtaimseartha. Is ar bhonn suirbhé bliantúil a dhéanann Údarás na Gaeltachta tuairisciú ar phoist a cruthaíodh agus a cailleadh. Foilseofar na figiúirí don bhliain 2013 ag tús 2014 nuair atá an suirbhé bliantúil curtha i gcrích.

Le linn na blaina 2013, beidh straitéis fiontraíochta Údarás na Gaeltachta ag díriú ar chomhlachtaí seirbhíse intrádála idirnáisiúnta eolasbhunaithe a mhealladh chun na Gaeltachta agus a fhorbairt sa Ghaeltacht agus ar theacht i dtír ar an gcumas fiontraíochta in earnálacha fáis. Cuirtear béim i straitéis fiontraíochta an Údaráis do 2013 ar leibhéil níos airde fiontraíochta a spreagadh sa Ghaeltacht agus ar chomhlachtaí dúchasacha nuálaíocha ardchumais a bhunú agus a fhás. Tá an tÚdarás ag díriú go háirithe ar chuidiú le comhlachtaí nua a bhfuil féidearthachtaí fáis iontu bogadh ón ngorlann go dtí an margadh.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

38. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an ndéanfaidh sé ráiteas ar an bhforbairt atá beartaithe ag an gcomhlacht Bioniche/Mylan in Indreabhán, Contae na Gaillimhe, i bhfianaise an mhéadaithe ar an líon post a d’fhógair an Taoiseach anuraidh, cé méid post atá cruthaithe go dtí seo; cé méid post a bhfuil súil ag an Aire go gcruthófar iad; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [26255/13]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, d’fhógair an Taoiseach i mí Aibreáin 2012 go mbeadh 220 post breise á chruthú thar thréimhse trí bliana ag an gcomhlacht Mylan / Bioniche in Indreabhán i gCo. na Gaillimhe. Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil 55 post breise cruthaithe ó shin i leith, rud a fhágann go bhfuil 205 duine fostaithe ag an gcomhlacht in Indreabhán faoi láthair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.